+Airteagal 3 Modúil
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
|
Airteagal 3 Modúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1.
|
Déanfar na cuntais eacnamaíocha chomhshaoil atá le tiomsú laistigh den chreat coiteann dá dtagraítear in Airteagal 1 a ghrúpáil sna modúil seo a leanas:
(a)
modúl le haghaidh cuntas ar astaíochtaí aeir, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn I;
(b)
modúl le haghaidh cánacha a bhaineann leis an gcomhshaol, de réir gníomhaíochta eacnamaíche, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn II;
(c)
modúl le haghaidh cuntas ar shreabhadh ábhar uile-gheilleagair, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn III;
▼M1
(d)
modúl le haghaidh cuntas ar chaiteachas i leith chosaint an chomhshaoil, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV;
(e)
modúl le haghaidh chuntais na hearnála um earraí agus um sheirbhísí comhshaoil, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V;
(f)
modúl le haghaidh cuntas ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI;
▼M3
(g)
modúl le haghaidh cuntais fhoraoiseacha, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII;
(h)
modúl le haghaidh cuntais fóirdheontas comhshaoil agus aistrithe dá samhail, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII;
(i)
modúl le haghaidh cuntais éiceachórais, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.
▼B
|
|
Airteagal 3 2.
|
Beidh an fhaisnéis seo a leanas i ngach Iarscríbhinn:
(a)
na cuspóirí a bhfuil na cuntais le tiomsú ina leith;
(b)
an méid atá cumhdaithe sna cuntais;
(c)
liosta na saintréithe a bhfuil sonraí le tiomsú agus le tarchur ina leith;
(d)
an chéad bhliain tagartha, an mhinicíocht agus na spriocanna tarchuir le haghaidh thiomsú na gcuntas;
(f)
uasré na n-idirthréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 8 a bhféadfadh an Coimisiún maoluithe a dheonú lena linn.
|
|
Airteagal 3 3.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 i gcás inar gá sin chun forbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an Rialachán seo a fhorlíonadh trí threoraíocht mhodheolaíoch a sholáthar;
(b)
Iarscríbhinní I go VI a leasú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (c), (d) agus (e);
(c)
Iarscríbhinní VII, VIII agus IX a leasú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (c), (d) agus (e), ar choinníoll:
(i)
nach ndéantar níos mó ná 4 shaintréith a leasú ar an liosta saintréithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), le haghaidh gach Iarscríbhinn gach 3 bliana; agus
(ii)
nach ndéantar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), a leasú ach amháin chun an chéad bhliain tagartha, an mhinicíocht agus na spriocdhátaí tarchuir a leagan amach d'aon saintréithe breise a chuirtear isteach.
Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú de bhun na míre seo, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh a ghníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Tabharfaidh an Coimisiún údar cuí lena ngníomhartha tarmligthe.
|
|
Airteagal 3 4.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun na táirgí fuinnimh dá dtagraítear i Roinn 3 d'Iarscríbhinn VI a shonrú, bunaithe ar na liostaí a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1099/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
). Ní dhéanfaidh gníomhartha tarmligthe den sórt sin ualach suntasach breise a chur ar na Ballstáit nó ar na freagróirí. Nuair a bheidh na liostaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír á mbunú agus, ina dhiaidh sin, á nuashonrú ag an gCoimisiún, tabharfaidh sé réasúnú cuí do na gníomhaíochtaí, á úsáid dó, i gcás inarb iomchuí, ionchur ó shaineolaithe ábhartha maidir le hanailís chost-éifeachtúlachta, lena n-áirítear measúnú ar an ualach ar fhreagróirí agus ar chostais táirgthe.
|
|
Airteagal 3 5.
|
Chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeach Iarscríbhinn V a éascú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2015, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, coimre tháscach de na hearraí agus seirbhísí comhshaoil agus de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bheidh cuimsithe ag Iarscríbhinn V a bhunú, bunaithe ar na catagóirí seo a leanas: seirbhísí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol, táirgí de chuspóir comhshaoil amháin (táirgí bainteacha), earraí oiriúnaithe agus teicneolaíochtaí comhshaoil. Déanfaidh an Coimisiún an choimre sin a nuashonrú de réir mar is gá. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 11(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|