|
+Airteagal 3 3. |
Airteagal 3 3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 i gcás inar gá sin chun forbairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus teicniúla a chur san áireamh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an Rialachán seo a fhorlíonadh trí threoraíocht mhodheolaíoch a sholáthar;
(b)
Iarscríbhinní I go VI a leasú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (c), (d) agus (e);
(c)
Iarscríbhinní VII, VIII agus IX a leasú maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointí (c), (d) agus (e), ar choinníoll:
(i)
nach ndéantar níos mó ná 4 shaintréith a leasú ar an liosta saintréithe dá dtagraítear i mír 2, pointe (c), le haghaidh gach Iarscríbhinn gach 3 bliana; agus
(ii)
nach ndéantar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), a leasú ach amháin chun an chéad bhliain tagartha, an mhinicíocht agus na spriocdhátaí tarchuir a leagan amach d'aon saintréithe breise a chuirtear isteach. Le linn dó a chumhacht a fheidhmiú de bhun na míre seo, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfidh a ghníomhartha tarmligthe ualach suntasach breise ar na Ballstáit ná ar na freagróirí. Tabharfaidh an Coimisiún údar cuí lena ngníomhartha tarmligthe. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|