+Airteagal 4 Staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.

Airteagal 4 Staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Déanfaidh an Coimisiún clár a dhréachtú le haghaidh staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta a bheidh le déanamh ag na Ballstáit ar bhonn deonach chun an tuairisciú a fhorbairt agus cáilíocht na sonraí a fheabhsú, sraitheanna ama fada a bhunú agus an mhodheolaíocht a fhorbairt. Áireofar sa chlár staidéir phíolótacha chun tástáil a dhéanamh ar na modúil nua chuntas eacnamaíoch comhshaoil. Agus an clár á tharraingt suas, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar mhodúil lena dtáirgtear sonraí maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, agus áiritheoidh sé nach gcuirtear aon ualaí breise riaracháin ná airgeadais ar na Ballstáit ná ar na freagróirí.
Airteagal 4 2.
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thorthaí na staidéar piolóta agus déanfaidh sé iad a fhoilsiú, agus na sochair a bhaineann le fáil a bheith ar shonraí i ndáil le costas bailithe agus a bhaineann leis an ualach riaracháin a bhaineann le freagairtí a thabhairt á gcur san áireamh. Cuirfear na torthaí seo san áireamh sna tograí le haghaidh modúl nua cuntas comhshaoil a thabhairt isteach, ar tograí iad a fhéadfaidh an Coimisiún a chur isteach sa tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 10.
Airteagal 4 3.
De bhreis ar an gclár le haghaidh staidéir phíolótacha agus staidéir indéantachta, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) faoin 27 Meitheamh 2026, i gcomhar leis na Ballstáit, measúnú ar na féidearthachtaí modheolaíochta agus ar indéantacht na luachála airgeadaíochta, ar luachanna tuairiscithe féideartha i gcás ina bhfuil na luachanna sin ar iarraidh agus ar bhealaí malartacha féideartha chun cuntais seirbhísí éiceachórais a thomhas, agus caighdeáin idirnáisiúnta Chóras na gCuntas Eacnamaíoch-Comhshaoil – Cuntasaíocht Éiceachórais (CCEC-CE) á gcur san áireamh. Bunaithe ar thorthaí na scrúduithe agus na staidéar sin, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle lena leasófar an Rialachán seo chun cuntais an éiceachórais airgeadaíochta a chur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.