+Airteagal 10 Tuarascáil agus athbhreithniú

Airteagal 10 Tuarascáil agus athbhreithniú

Airteagal 10

Tuarascáil agus athbhreithniú

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2013 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin. Leis an tuarascáil sin déanfar meastóireacht go háirithe ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na modhanna bailithe sonraí, ar an ualach riaracháin atá ar na Ballstáit agus ar na haonaid is freagróirí, mar aon le hindéantacht agus le héifeachtacht an staidrimh sin chomh maith.

Déanfar an méid seo a leanas a chur i dteannta na tuarascála, más iomchuí sin, agus na torthaí dá dtagraítear in Airteagal 4(2) á gcur san áireamh:

▼M3

— 
tograí chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach, amhail cuntais uisce (cáilíochtúil agus cainníochtúil), cuntais ar chaiteachas i leith bainistiú acmhainní, fóirdheontais nó bearta tacaíochta a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don chomhshaol agus cuntais dramhaíola;

▼B

— 
tograí atá ceaptha chun cáilíocht sonraí agus modhanna bailithe sonraí a fheabhsú tuilleadh, ionas go ndéantar ar an tslí sin cumhdach agus inchomparáideacht na sonraí a fheabhsú agus an t-ualach riaracháin atá ar ghnó agus ar riarachán a laghdú.

▼M3

Faoin 31 Nollaig 2024 agus gach 2 bhliain ar a laghad ina dhiaidh sin, eiseoidh an Coimisiún (Eurostat) foilseachán digiteach ina mbeidh sonraí agus staidreamh maidir le maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear infheistíochtaí, arna dtiomsú ó na sonraí ábhartha atá ar fáil ó mhodúil na gcuntas eacnamaíoch comhshaoil agus, i gcás inarb iomchuí, ó fhoinsí sonraí eile.

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 9 chun Iarscríbhinn V, Roinn 3, a leasú, de réir mar is iomchuí, chun saintréithe a chuimsiú maidir le hinfheistíochtaí eile i dtaca le maolú ar an athrú aeráide. Leis na sonraí a áirítear san fhoilseachán digiteach dá dtagraítear sa tríú mír den Airteagal seo, soláthrófar miondealú ar na sonraí sin in aghaidh an Bhallstáit, lena n-áirítear maidir le hinfheistíochtaí, agus cumhdófar gach earnáil den gheilleagar agus de ghníomhaíochtaí.

Faoin an 27 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cháilíocht na sonraí atá ar fáil maidir le fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise, maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maidir le huisce agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé togra reachtach faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun modúil nua cuntas eacnamaíoch comhshaoil a thabhairt isteach le haghaidh fóirdheontais fuinnimh, lena n-áirítear fóirdheontais do bhreoslaí iontaise; oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear caiteachas air, agus le haghaidh cuntais uisce.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R0691
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.