|
+IARSCRÍBHINN VI MODÚIL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH FISICIÚIL FUINNIMH |
IARSCRÍBHINN VI MODÚIL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH FISICIÚIL FUINNIMH
IARSCRÍBHINN VI MODÚIL LE hAGHAIDH CUNTAS AR SHREABHADH FISICIÚIL FUINNIMH Roinn 1 CUSPÓIRÍ Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sonraí a thíolacadh maidir le sreafaí fisiciúla fuinnimh, arna sloinneadh i dteirigiúil, ar shlí a luíonn go hiomlán le CEC. Déantar taifeadadh i gcuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh ar shonraí fuinnimh a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha aonaid chónaitheacha na ngeilleagar náisiúnta agus iad miondealaithe de réir gníomhaíochta eacnamaíche. Léiríonn siad soláthar agus úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh agus na n-iarmharach fuinnimh. Tá táirgeadh, tomhaltas agus carnadh cuimsithe sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha. Sainítear san Iarscríbhinn seo na sonraí atá le bailiú, le tiomsú agus le tarchur ag na Ballstáit, mar aon leis na sonraí a bhfuil meastóireacht le déanamh orthu ag na Ballstáit, le haghaidh cuntas ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh. Roinn 2 CUMHDACH Tá na teorainneacha córais céanna ag cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh agus atá ag CEC agus tá siad bunaithe freisin ar phrionsabal an chónaithe. I gcomhréir le CEC, deirtear gurb ionann aonad agus aonad cónaitheach tíre nuair atá lárionad leasa eacnamaíoch an aonaid i gcríoch eacnamaíoch na tíre sin, is é sin le rá, nuair a bhíonn sé ag gabháil do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ar feadh tréimhse fadaithe (bliain amháin nó níos mó) sa chríoch sin. Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sreafaí fisiciúla fuinnimh a eascraíonn as gníomhaíochtaí gach aonaid chónaithigh a thaifeadadh, beag beann ar an áit as a dtagann na sreafaí sin go geografach. Le cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh, déantar sreafaí fisiciúla fuinnimh a thaifeadadh ón gcomhshaol chuig an ngeilleagar, laistigh den gheilleagar, agus ón ngeilleagar ar ais chuig an gcomhshaol. Roinn 3 LIOSTA NA SAINTRÉITHE Déanfaidh na Ballstáit cuntais ar shreabhadh fisiciúil fuinnimh a tháirgeadh de réir na saintréithe seo a leanas:
—
na sreafaí fisiciúla fuinnimh agus iad grúpáilte i dtrí chatagóir ghinearálta:
(i)
ionchuir fuinnimh nádúrtha,
(ii)
táirgí fuinnimh,
(iii)
iarmharaigh fuinnimh.
—
foinse na sreafaí fisiciúla fuinnimh, agus iad grúpáilte i gcúig chatagóir: táirgeadh, tomhaltas, carnadh, an chuid eile den domhan agus an comhshaol,
—
ceann scríbe na sreafaí fisiciúla, agus iad grúpáilte sna cúig chatagóir chéanna ná foinse na sreafaí fisiciúla fuinnimh.
Tuairisceofar na sonraí ar fad i dteirigiúil. Roinn 4 AN CHÉAD BHLIAIN TAGARTHA, AN MHINICÍOCHT AGUS NA SPRIOCDHÁTAÍ TARCHURTHA 1. Déanfar an staidreamh a thiomsú agus a tharchur ar bhonn bliantúil. 2. Déanfar an staidreamh a tharchur laistigh de 21 mhí ó dheireadh na bliana tagartha. 3. Chun riachtanais na n-úsáideoirí le haghaidh tacair shonraí atá críochnúil agus tráthúil a shásamh, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) meastacháin d'iomláin ►M3 AE-27 ◄ ar fáil do phríomh-chomhiomláin an mhodúil sin chomh luath is a bheidh sonraí leordhóthanacha i ndáil le tíortha ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i ngach cás inar féidir, meastacháin i ndáil le sonraí nach bhfuil tarchurtha ag na Ballstáit laistigh den sprioc a shonraítear i bpointe 2 a tháirgeadh agus a fhoilsiú. 4. Is é 2015 an chéad bhliain tagartha. 5. Sa chéad tarchur sonraí, áireoidh Ballstáit sonraí bliantúla ó 2014 go dtí an chéad bhliain tagartha. 6. I gcás gach tarchuir sonraí chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, soláthróidh na Ballstáit sonraí bliantúla le haghaidh na mblianta n–2, n–1 agus n, i gcás inarb ionann n agus an bhliain tagartha. Féadfaidh na Ballstáit sonraí ar bith atá ar fáil do na blianta roimh 2014 a sholáthar. Roinn 5 TÁBLAÍ TUAIRISCITHE 1. I gcás na saintréithe dá dtagraítear i Roinn 3, tuairisceofar na sonraí seo a leanas in aonaid fhisiciúla:
—
Tábla úsáide le haghaidh sreafaí fuinnimh. Déantar soláthar na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh, agus na n-iarmharach fuinnimh (sna sraitheanna) de réir foinse, i.e. “soláthraí” (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
—
Tábla úsáide le haghaidh sreafaí fuinnimh. Déantar úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh, agus na n-iarmharach fuinnimh (sna sraitheanna) de réir cinn scríbe, i.e. “úsáideoir” (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
—
Tábla d'úsáid sreafaí fuinnimh a bhaineann le hastaíochtaí. Déantar úsáid na n-ionchur fuinnimh nádúrtha agus na dtáirgí fuinnimh a bhaineann le hastaíochtaí (sna sraitheanna) de réir an aonaid úsáide agus astaíochta (sna colúin) a thaifeadadh sa tábla seo.
—
Tábla ceangail ina dtaispeántar na gnéithe éagsúla lena ndéantar suas an difríocht idir na cuntais fuinnimh agus na comharduithe fuinnimh.
2. Tá leagan amach coiteann ó thaobh sraitheanna agus colún de ag táblaí soláthair agus úsáide sreafaí fuinnimh (lena n-áirítear sreafaí a bhaineann le hastaíochtaí). 3. Seasann na colúin d'fhoinsí (soláthar) nó do chinn scríbe (úsáid) na sreafaí fisiciúla. Tá na colúin grúpáilte i gcúig chatagóir:
—
Baineann “táirgeadh” le táirgeadh earraí agus seirbhísí. Déantar gníomhaíochtaí táirgthe a aicmiú de réir NACE Rev. 2 agus tuairiscítear sonraí sa leibhéal comhiomlánaithe A*64.
—
Cuirtear gníomhaíochtaí “tomhaltais” i láthair ina n-iomláine agus roinntear iad freisin ina dtrí fho-aicme (iompar, téamh/fuarú, eile) maidir le tomhaltas deiridh na dteaghlach.
—
Tagraíonn “carnadh” do na hathruithe i stoic táirgí fuinnimh laistigh den gheilleagar.
—
Is é a thaifeadtar faoi “an chuid eile den domhan” na sreafaí de tháirgí allmhairithe agus onnmhairithe.
—
Is é a thaifeadtar faoi “comhshaol” foinse na sreafaí ionchuir nádúrtha agus ceann scríbe na sreafaí iarmharaigh.
4. Sna sraitheanna, déantar tuairisc ar an gcineál sreafa fhisiciúil mar atá aicmithe sa chéad fhleasc de Roinn 3. 5. Is mar a leanas atá aicmiú na n-ionchur fuinnimh nádúrtha, na dtáirgí fuinnimh agus na n-iarmharach fuinnimh:
—
tá ionchuir fuinnimh nádúrtha grúpáilte in ionchuir fuinnimh nádúrtha nach bhfuil in-athnuaite agus in ionchuir fuinnimh nádúrtha in-athnuaite,
—
tá táirgí fuinnimh grúpáilte de réir an aicmithe a úsáidtear i staidreamh Eorpach fuinnimh,
—
iarmharaigh fuinnimh, lena gcuimsítear dramhaíl (gan luach airgid); caillteanais le linn eastósctha/astarraingthe, leithdháileadh/iompair, claochlú/tiontú agus stórála; chomh maith le hítimí comhardaithe chun na táblaí soláthair agus úsáide a chomhardú.
6. Déantar an “ceangal” idir táscaire phrionsabal an chónaithe agus an táscaire críochbhunaithe a thíolacadh don gheilleagar náisiúnta iomlán (gan aon mhiondealú de réir tionscail) agus faightear é mar seo a leanas: úsáid iomlán fuinnimh ag aonaid chónaitheacha:
—
úsáid fuinnimh ag aonaid chónaitheacha thar lear
+
úsáid fuinnimh ag neamhchónaitheoirí ar an gcríoch
+
difríochtaí staidrimh
=
olltomhaltas fuinnimh intíre (críochbhunaithe) Roinn 6 UASRÉ NA nIDIRTHRÉIMHSÍ Maidir le cur chun feidhme fhorálacha na hIarscríbhinne seo, is é 2 bhliain ón gcéad spriocdháta tarchurtha uasré na hidirthréimhse. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|