|
+Airteagal 9a Údarú agus maoirseacht sásraí tuairiscithe cláraithe |
Airteagal 9a Údarú agus maoirseacht sásraí tuairiscithe cláraitheAirteagal 9a Údarú agus maoirseacht sásraí tuairiscithe cláraithe
6.
Faoin 8 Bealtaine 2025, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
na modhanna trína bhfuil sásra tuairiscithe cláraithe leis an oibleagáid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh;
(b)
na ceanglais eagraíochtúla shonracha chun míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a chur chun feidhme;
(c)
na mionsonraí a bhaineann leis an bpróiseas chun údarú sásra tuairiscithe chláraithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a tharraingt siar;
(d)
na coimircí nós imeachta dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo;
(e)
na mionsonraí a bhaineann le próiseas an ionadaithe ordúil dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo;
(f)
na socruithe mionsonraithe chun rannpháirtithe margaidh a chur ar an eolas faoi chinneadh údarú sásra tuairiscithe chláraithe a tharraingt siar. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|