|
+Airteagal 12 2. |
Airteagal 12 2.Faoin 8 Bealtaine 2025, forbróidh an Ghníomhaireacht lárionad tagartha ina bhfuil faisnéis maidir le sonraí mhargadh mórdhíola fuinnimh an Aontais (“an Lárionad Tagartha”). Faoi réir Airteagal 17, déanfaidh an Ghníomhaireacht, trí bhíthin an Lárionaid Tagartha codanna den fhaisnéis atá ina seilbh a chur ar fáil go poiblí, ar choinníoll nach ndéantar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de maidir le rannpháirtithe margaidh aonair, maidir le hidirbhearta aonair nó maidir le hionaid mhargaidh aonair a nochtadh agus nach féidir faisnéis den sórt sin a shainaithint ón bhfaisnéis a chuirtear ar fáil go poiblí. Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis chomhiomlánaithe a chur ar fáil go poiblí freisin, trí bhíthin an Lárionaid Tagartha, maidir le hionaid mhargaidh eagraithe, IIPanna agus sásraí tuairiscithe cláraithe i gcomhréir leis an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí, cé is moite d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de. Déanfaidh an Ghníomhaireacht a bunachar sonraí ar thrádáil nach bhfuil íogair ó thaobh na tráchtála de a chur ar fáil chun críoch eolaíoch, faoi réir ceanglais rúndachta. Déanfar faisnéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil ar mhaithe le feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí mórdhíola fuinnimh agus ar choinníoll nach dóigh di aon saobhadh a chruthú san iomaíocht sna margaí fuinnimh sin. Déanfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis a scaipeadh ar bhealach cóir i gcomhréir le rialacha trédhearcacha a tharraingeoidh sí féin suas agus a chuirfidh sí féin ar fáil go poiblí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|