+Airteagal 16 2.
|
Airteagal 16 2.
Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill sa tslí is sonraí agus is féidir i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí lena sáraítear an Rialachán seo á ndéanamh nó déanta sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile. I gcás ina bhfuil drochamhras ar údarás rialála náisiúnta go bhfuil gníomhartha lena ndéantar difear do mhargaí mórdhíola fuinnimh nó do phraghas táirgí mórdhíola fuinnimh sa Bhallstát sin á ndéanamh i mBallstát eile, féadfaidh sé a iarraidh ar an nGníomhaireacht gníomhaíocht a dhéanamh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo agus, má dhéanann na gníomhartha difear d'ionstraimí airgeadais atá faoi réir
►M1
Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ◄ , i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Sula nglacfaidh siad cinneadh lena bhfaightear gur sáraíodh an Rialachán seo, féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas agus achoimre ar an gcás agus ar an gcinneadh atá beartaithe a sholáthar di i dteanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit lena mbaineann. Tar éis dó cinneadh a ghlacadh lena bhfaightear gur sáraíodh an Rialachán seo, soláthróidh an t-údarás rialála náisiúnta an cinneadh sin don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear faisnéis maidir le dáta a ghlactha, ainm na ndaoine atá faoi réir pionós, an tAirteagal den Rialachán seo a sáraíodh agus an pionós a forchuireadh An tráth céanna, cuirfidh an t-údarás rialála náisiúnta in iúl don Ghníomhaireacht cén fhaisnéis atá nochta aige don phobal dá dtagraítear in Airteagal 18(6), agus cuirfidh sé an Ghníomhaireacht ar an eolas go pras faoi aon athruithe a dhéantar ar faisnéis den sórt sin ina dhiaidh sin. Coinneoidh an Ghníomhaireacht liosta poiblí ar bun d’fhaisnéis atá nochta ag na húdaráis rialála náisiúnta don phobal dá dtagraítear in Airteagal 18(6).
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32011R1227
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|