|
+Airteagal 16 3. |
Airteagal 16 3.Chun cur chuige comhordaithe agus comhsheasmhach a áirithiú i dtaca le droch-úsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh:
(a)
déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta tuarascálacha ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith déanta ar an Rialachán seo a phróiseáil gan moill mhíchuí agus, más féidir, laistigh de bhliain amháin tar éis na tuarascálacha sin a fháil, agus, i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh, nó déanta, ar mhargaí mórdhíola fuinnimh, arb ionann iad agus drochúsáid margaidh de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 596/20142014 agus a dhéanann difear d’ionstraimí airgeadais atá faoi réir Airteagal 2 den Rialachán sin, cuirfidh siad údarás airgeadais inniúil a mBallstáit agus an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi sin; chun na gcríoch sin, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta cineálacha iomchuí comhair a bhunú leis an údarás airgeadais inniúil ina mBallstát;
(b)
cuirfidh an Ghníomhaireacht ÚEUM agus an t-údarás airgeadais inniúil iomchuí ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha aici chun droch-amhras a bheith uirthi go bhfuil gníomhartha á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ar gníomhartha iad atá in ionannas le droch-úsáid mhargaidh de réir bhrí ►M1 Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ◄ agus ar gníomhartha iad lena ndéantar difear d'ionstraimí airgeadais a thagann faoi réir ►M1 Airteagal 2 den Rialachán sin ◄ ;
(c)
cuirfidh údarás airgeadais inniúil Ballstáit ÚEUM agus an Ghníomhaireacht ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha aige chun droch-amhras a bheith air go bhfuil gníomhartha lena sáraítear Airteagal 3 agus Airteagal 5, á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh i mBallstát eile;
(d)
cuirfidh údaráis rialála náisiúnta údarás náisiúnta iomaíochta a mBallstáit, an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht ar an eolas más rud é go bhfuil forais réasúnacha acu chun droch-amhras a bheith orthu go bhfuil gníomhartha ar dóigh dóibh a bheith ina sárú ar dhlí na hiomaíochta á ndéanamh nó déanta ar an margadh mórdhíola fuinnimh;
(e)
cuirfidh an Ghníomhaireacht agus na húdaráis rialála náisiúnta na húdaráis inniúla chánach náisiúnta agus EUROFISC ar an eolas i gcás ina bhfuil forais réasúnacha acu chun drochamhras a bheith orthu go bhfuil gníomhaíochtaí á ndéanamh, nó déanta, ar an margadh mórdhíola fuinnimh ar dócha gur calaois chánach iad. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|