|
+Airteagal 14 6. |
Airteagal 14 6.Substaintí a liostaítear i gCuid 2 nó i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I nó meascáin ina bhfuil substaintí den sórt sin i dtiúchan a spreagann oibleagáidí lipéadaithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 is cuma an bhfuil substaintí eile ann nó nach bhfuil, gan féachaint don úsáid atá beartaithe dóibh sa Pháirtí allmhairíochta nó i dtír eile, ní onnmhaireofar iad mura gcomhlíonfar ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
gur iarr an t-onnmhaireoir toiliú sainráite don allmhairiú agus go bhfuair sé é sin trí údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora i gcomhairle leis an gCoimisiún, agus an Ghníomhaireacht de chúnamh aige, agus le húdarás náisiúnta ainmnithe an Pháirtí allmhairíochta nó le húdarás iomchuí i dtír eile allmhairíochta;
(b)
i gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 3 d’Iarscríbhinn I, go sonrófar sa chiorclán is déanaí a d’eisigh an Rúnaíocht de bhun mhír 1 go bhfuil toiliú tugtha ag an bPáirtí allmhairíochta don allmhairiú. I gcás ceimiceán a liostaítear i gCuid 2 d’Iarscríbhinn I a bheidh le honnmhairiú chuig tíortha ECFE, féadfaidh údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora, ar iarraidh ón onnmhaireoir, i gcomhairle leis an gCoimisiún agus ar bhonn cás ar chás, a chinneadh nach mbeidh gá le toiliú sainráite más rud é, tráth an allmhairithe isteach sa tír ECFE lena mbaineann, go ndéanfar an ceimiceán a cheadúnú, a chlárú nó a údarú sa tír ECFE sin. I gcás inar iarradh toiliú sainráite de bhun phointe (a) den chéad fhomhír, seolfaidh an Ghníomhaireacht, thar ceann an Choimisiúin, meabhrán mura bhfuair an Ghníomhaireacht freagairt ar an iarraidh faoi cheann 30 lá, ach amháin má fuair an Coimisiún nó údarás náisiúnta ainmnithe Bhallstát an onnmhaireora freagairt agus má chuir siad ar aghaidh chuig an nGníomhaireacht í. I gcás inarb iomchuí, mura bhfaighfear freagairt faoi cheann 30 lá eile, féadfaidh an Ghníomhaireacht meabhráin eile a sheoladh de réir mar is gá. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|