+Airteagal 15 Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
|
Airteagal 15 Saoráidí athchúrsála long atá lonnaithe i dtríú tír
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1.
|
Cuideachta athchúrsála long a mbeidh saoráid athchúrsála long aige atá lonnaithe i dtríú tír agus a bheartaíonn longa a athchúrsáil a bheidh faoi bhratach Ballstáit, cuirfidh siad iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun an tsaoráid athchúrsála long sin a chur sa liosta Eorpach.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Cuirfear leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1 fianaise go gcomhlíonann an tsaoráid athchúrsála long sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13 chun athchúrsáil long a dhéanamh agus chun a bheith áirithe sa liosta Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16. Déanfaidh an chuideachta athchúrsála long an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
an cead, an ceadúnas nó an t-údarú a thug a údaráis inniúla di longa a athchúrsáil a lua agus, i gcás inarb ábhartha, an cead, an ceadúnas nó an t-údarú a lua a thug na húdaráis inniúla dá cuid conraitheoirí agus fochonraitheoirí uile a mbeidh baint dhíreach acu leis an bpróiseas athchúrsála long agus sonróidh sí an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 16(2);
(b)
sonróidh sé cé acu trí mheán nós imeachta intuigthe nó nós imeachta shainráite a dhéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas, agus an tréimhse athbhreithnithe á sonrú i ndáil le formheas intuigthe, i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta, i gcás inarb infheidhme;
(c)
deimhneoidh sé nach nglacfar ach le long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici d’athchúrsáil i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(d)
soláthróidh sé fianaise go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long in ann na critéir sábháilte chun obair the a dhéanamh agus sábháilte chun dul isteach a bhunú, a choinneáil ar bun agus faireachán a dhéanamh orthu i rith an phróisis athchúrsála long;
(e)
léarscáil a chur i gceangal ina dtaispeánfar teorainn na saoráide athchúrsála long agus an áit a ndéanfar an athchúrsáil long;
(f)
i gcás gach ábhair guaisigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus i gcás gach ábhair ghuaisigh a d’fhéadfadh a bheith ina chuid de struchtúr na loinge, na nithe seo a leanas a shonrú:
(i)
cé acu atá nó nach bhfuil an tsaoráid athchúrsála long údaraithe an t-ábhar guaiseach a bhaint. Nuair a údaraítear sin, tabharfar le fios cé hiad an fhoireann ábhartha a bheidh údaraithe an t-ábhar guaiseach a bhaint agus soláthrófar fianaise dá n-inniúlacht sin;
(ii)
an próiseas bainistithe dramhaíola a chuirfear i bhfeidhm laistigh nó lasmuigh den tsaoráid athchúrsála long, amhail loisceadh, líonadh talún, nó modh eile bainistithe dramhaíola, ainm agus seoladh na saoráide bainistithe dramhaíola má tá sí éagsúil leis an tsaoráid athchúrsála long í, agus fianaise a sholáthar go ndéanfar an próiséas a chur i bhfeidhm gan sláinte an duine a chur i mbaol agus ar bhealach a bheidh slán don chomhshaol;
(g)
deimhneoidh sí go bhfuil an chuideachta tar éis plean don tsaoráid athchúrsála long a ghlacadh, agus na treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh;
(h)
an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil chun an tsaoráid athchúrsála long a shainaithint.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Tabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun formáid na faisnéise a shonrú a bheidh riachtanach chun an tsaoráid athchúrsála long a shainaithint. Glacfar na bearta cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 25.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Le bheith áirithe sa liosta Eorpach, deimhneofar comhlíonadh na saoráidí athchúrsála long a bheidh lonnaithe i dtríú tíortha i leith na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 13, tar éis d’fhíoraitheoir neamhspleách a bhfuil na cáillíochtaí cuí aige cigireacht a dhéanamh ar an láthair. Cuirfidh an chuideachta athchúrsála long an deimhniúchán sin chuig an gCoimisiún an tráth a mbeidh sí ag cur iarratais isteach ar a bheith sa liosta Eorpach agus, gach cúig bliana ina dhiaidh sin, nuair a bheidh an láithreacht sa liosta sin á hathnuachan aici. Idir bheith curtha sa liosta den chéaduair agus an athnuachan, beidh athbhreithniú lárthéarma freisin ann chun comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 13 a dhearbhú. Agus iarratas á chur isteach acu ar a bheith ar an liosta Eorpach, glacann cuideachtaí athchúrsála long leis go bhféadfadh an tsaoráid athchúrsála long lena mbaineann bheith faoi réir cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún, nó ag gníomhairí a bheadh ag gníomhú thar a cheann, sula gcuirfear ar an liosta Eorpach iad, nó ina dhiaidh sin, d’fhonn a fhíorú go bhuil na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 á gcomhlíonadh acu. Comhoibreoidh an fíoraitheoir neamhspleách, an Coimisiún nó gníomhairí ag feidhmiú thar ceann an Choimisiúin le húdaráis inniúla an tríú tír ina mbeidh an tsaoráid athchúrsála long lonnaithe chun na cigireachtaí ar an láthair sin a chur i gcrích. Féadfaidh an Coimisiún nótaí treorach teicniúla a eisiúint chun cabhrú leis an deimhniúchán sin.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Chun críocha Airteagal 13, maidir le córas cóireála nó diúscairte na dramhaíola a úsáidtear, ní fhéadfar a mheas gur bainistiú a bheidh neamhdhíobhálach don chomhshaol a bheidh ar siúl ach amháin ar choinníoll gur féidir leis an gcuideachta athchúrsála long a thaispeáint go mbeidh an tsaoráid bainistithe dramhaíola a ghlacann an dramhaíl á hoibriú i gcomhréir le caighdeáin maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil atá coibhéiseach a bheag nó a mhór le caighdeáin ábhartha idirnáisiúnta agus Aontais.
|
|
Airteagal 15 6.
|
Soláthróidh an chuideachta athchúrsála long fianaise cothrom le dáta gan mhoill i gcás ina mbeadh aon athrú san fhaisnéis a sholáthraítear don Choimisiún agus fógróidh sí, i gcónaí, trí mhí roimh dhul in éag do gach tréimhse cúig bliana de bheith áirithe sa Liosta Eorpach:
(a)
go bhfuil an fhianaise atá soláthraithe aici iomlán agus cothrom le dáta;
(b)
go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long fós ag comhlíonadh ceanglais Airteagal 13 agus go leanfaidh sí de bheith á gcomhlíonadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|