|
+Airteagal 15 2. |
Airteagal 15 2.Cuirfear leis an iarratas dá dtagraítear i mír 1 fianaise go gcomhlíonann an tsaoráid athchúrsála long sin na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 13 chun athchúrsáil long a dhéanamh agus chun a bheith áirithe sa liosta Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16. Déanfaidh an chuideachta athchúrsála long an méid seo a leanas go háirithe:
(a)
an cead, an ceadúnas nó an t-údarú a thug a údaráis inniúla di longa a athchúrsáil a lua agus, i gcás inarb ábhartha, an cead, an ceadúnas nó an t-údarú a lua a thug na húdaráis inniúla dá cuid conraitheoirí agus fochonraitheoirí uile a mbeidh baint dhíreach acu leis an bpróiseas athchúrsála long agus sonróidh sí an fhaisnéis uile dá dtagraítear in Airteagal 16(2);
(b)
sonróidh sé cé acu trí mheán nós imeachta intuigthe nó nós imeachta shainráite a dhéanfaidh an t-údarás inniúil an plean athchúrsála long a fhormheas, agus an tréimhse athbhreithnithe á sonrú i ndáil le formheas intuigthe, i gcomhréir leis na ceanglais náisiúnta, i gcás inarb infheidhme;
(c)
deimhneoidh sé nach nglacfar ach le long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici d’athchúrsáil i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(d)
soláthróidh sé fianaise go bhfuil an tsaoráid athchúrsála long in ann na critéir sábháilte chun obair the a dhéanamh agus sábháilte chun dul isteach a bhunú, a choinneáil ar bun agus faireachán a dhéanamh orthu i rith an phróisis athchúrsála long;
(e)
léarscáil a chur i gceangal ina dtaispeánfar teorainn na saoráide athchúrsála long agus an áit a ndéanfar an athchúrsáil long;
(f)
i gcás gach ábhair guaisigh dá dtagraítear in Iarscríbhinn I agus i gcás gach ábhair ghuaisigh a d’fhéadfadh a bheith ina chuid de struchtúr na loinge, na nithe seo a leanas a shonrú:
(i)
cé acu atá nó nach bhfuil an tsaoráid athchúrsála long údaraithe an t-ábhar guaiseach a bhaint. Nuair a údaraítear sin, tabharfar le fios cé hiad an fhoireann ábhartha a bheidh údaraithe an t-ábhar guaiseach a bhaint agus soláthrófar fianaise dá n-inniúlacht sin;
(ii)
an próiseas bainistithe dramhaíola a chuirfear i bhfeidhm laistigh nó lasmuigh den tsaoráid athchúrsála long, amhail loisceadh, líonadh talún, nó modh eile bainistithe dramhaíola, ainm agus seoladh na saoráide bainistithe dramhaíola má tá sí éagsúil leis an tsaoráid athchúrsála long í, agus fianaise a sholáthar go ndéanfar an próiséas a chur i bhfeidhm gan sláinte an duine a chur i mbaol agus ar bhealach a bheidh slán don chomhshaol;
(g)
deimhneoidh sí go bhfuil an chuideachta tar éis plean don tsaoráid athchúrsála long a ghlacadh, agus na treoirlínte ábhartha IMO á gcur san áireamh;
(h)
an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil chun an tsaoráid athchúrsála long a shainaithint. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|