+Airteagal 23 Gníomhaíocht a iarraidh
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.

Airteagal 23 Gníomhaíocht a iarraidh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.
Daoine nádúrtha nó dlítheanacha a ndéanfaidh sárú ar Airteagal 13 in éineacht le hAirteagal 15 agus Airteagal 16(1)(b) den Rialachán seo difear dóibh nó ar móide don sárú sin difear a dhéanamh dóibh, nó a bhfuil leas mór a dhóthain acu sa phróiseas cinnteoireachta maidir leis an gcomhshaol i leith sáruithe ar Airteagal 13 in éineacht le hAirteagal 15 agus Airteagal 16(1)(b) den Rialachán seo, beidh siad i dteideal gníomhaíocht a iarraidh ar an gCoimisiún faoin Rialachán seo i ndáil le sárú den sórt sin nó i ndáil le garbhaol de shárú den sórt sin.

An leas atá ag aon eagraíocht neamhrialtasach a chuireann chun cinn cosaint an chomhshaoil agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ), measfar gur leas leordhóthanach é an leas sin chun críocha na chéad fhomhíre.

Airteagal 23 2.
Beidh ag gabháil le hiarraidh ar ghníomhaíocht an fhaisnéis agus na sonraí ábhartha chun tacú leis an iarraidh sin.
Airteagal 23 3.
I gcás ina léireoidh an iarraidh ar ghníomhaíocht agus an fhaisnéis agus na sonraí a bheidh ag gabháil léi, ar bhealach inchreidte, gur tharla sárú ar Airteagal 13 in éineacht le hAirteagal 15 agus Airteagal 16(1)(b), nó go bhfuil garbhaol ann go dtarlóidh sárú den sórt sin, breithneoidh an Coimisiún aon iarrataí den sórt sin ar ghníomhaíocht agus aon fhaisnéis agus sonraí den sórt sin. Sna himthosca sin, tabharfaidh an Coimisiún deis don chuideachta athchúrsála long lena mbaineann a cuid tuairimí a nochtadh maidir leis an iarraidh ar ghníomhaíocht agus an fhaisnéis agus na sonraí a bheidh ag gabháil léi.
Airteagal 23 4.
Déanfaidh an Coimisiún, gan mhoill agus i gcomhréir le forálacha ábhartha dlí an Aontais, na daoine a chuir iarraidh isteach de bhun mhír 1, a chur ar an eolas faoin gcinneadh atá déanta aige glacadh leis an iarraidh ar ghníomh nó diúltú di, agus luafaidh sé na cúiseanna leis an gcinneadh sin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.05.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R1257
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.