+Airteagal 43c
---+Airteagal 43c 1.
---+Airteagal 43c 2.
---+Airteagal 43c 3.
---+Airteagal 43c 4.
---+Airteagal 43c 5.
---+Airteagal 43c 6.
---+Airteagal 43c 7.
---+Airteagal 43c 8.
---+Airteagal 43c 9.
|
Airteagal 43c
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43c 1.
|
De mhaolú ar Airteagal 17, féadfaidh Ballstát, ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ó oibreoir eacnamaíoch, a údarú go gcuirfear ar an margadh laistigh de chríoch an Bhallstáit sin, trealamh raidió sonrach a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 43a(1) agus nach bhfuil na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 17 lena gceanglaítear rannpháirtíocht éigeantach comhlachta faoina dtugtar fógra curtha i gcrích ina leith ach ar léiríodh ina leith go gcomhlíonann sé na ceanglais riachtanacha ábhartha uile a leagtar amach in Airteagal 3 i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá dtagraítear san údarú sin.
|
|
Airteagal 43c 2.
|
Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach faoi aon údarú arna dheonú i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo. Ar choinníoll go n-áirithítear leis na ceanglais a leagtar amach san údarú go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha ábhartha sábháilteachta a leagtar amach in Airteagal 3, glacfaidh an Coimisiún, gan mhoill, gníomh cur chun feidhme lena ndéanfar bailíocht an údaraithe arna dheonú ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo a leathnú chuig críoch an Aontais ina iomláine agus leagfaidh sé amach na coinníollacha faoinar féidir an trealamh raidió sonrach a chur ar an margadh. Agus an dréachtghníomh cur chun feidhme á ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar údaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh faisnéis nó barúlacha ábhartha a sholáthar maidir leis an measúnú teicniúil arbh é an bonn é don údarú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 45(3). Beidh ar an trealamh raidió atá faoi réir leathnú na bailíochta dá dtagraítear sa chéad fhomhír an fhaisnéis go gcuirtear ar an margadh é mar “earra atá ábhartha i gcás géarchéime”. Sonrófar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír ábhar agus cur i láthair na faisnéise sin. Beidh an fhaisnéis sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir, soléite agus intuigthe agus, i gcás inarb ábhartha, i dteanga is féidir leis na tomhaltóirí agus na húsáideoirí deiridh eile a thuiscint go héasca, teanga a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.
|
|
Airteagal 43c 3.
|
Ar mhórfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo agus a bhaineann leis an ngá atá le sláinte agus sábháilteacht daoine a chothú, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme is infheidhme a ghlacadh láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 45(4).
|
|
Airteagal 43c 4.
|
Fad nach nglacfar gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2 nó 3, ní bheidh an t-údarú arna dheonú ag údarás náisiúnta inniúil i mBallstát amháin bailí ach amháin ar chríoch an Bhallstáit sin, agus ar chríocha aon Bhallstáit eile ar aithin a n-údaráis náisiúnta inniúla bailíocht an údaraithe sin sular glacadh an gníomh cur chun feidhme sin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi aon chinneadh i dtaobh bhailíocht an údaraithe sin a aithint.
|
|
Airteagal 43c 5.
|
Dearbhóidh monaróirí trealaimh raidió atá faoi réir an nós imeachta um údarú dá dtagraítear i mír 1, ar a bhfreagracht féin, go gcomhlíonann an trealamh raidió lena mbaineann na ceanglais riachtanacha ábhartha uile a leagtar amach in Airteagal 3 agus beidh siad freagrach as na nósanna imeachta uile um measúnú comhréireachta arna sonrú ag an údarás náisiúnta inniúil a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 43c 6.
|
Aon údarú a eisítear de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an trealamh raidió a chur ar an margadh. Leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad sna húdaruithe sin:
(a)
tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo;
(b)
aon cheanglas sonrach maidir le hinrianaitheacht an trealaimh raidió lena mbaineann;
(c)
dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747;
(d)
aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá le measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú maidir leis an trealamh raidió lena mbaineann;
(e)
bearta atá le déanamh ar dhul in éag nó ar dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh maidir leis an trealamh raidió lena mbaineann atá curtha ar an margadh.
|
|
Airteagal 43c 7.
|
De mhaolú ar Airteagail 9, 19 agus 20, ní bheidh an mharcáil CE ar threalamh raidió ar tugadh údarú ina leith i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus ní bheidh feidhm ag Airteagal 9.
|
|
Airteagal 43c 8.
|
Na húdaráis um fhaireachas margaidh i mBallstát i gcás ina bhfuil údarú de bhun mhíreanna 1, 2 agus 4 den Airteagal seo bailí, beidh siad i dteideal, maidir leis an trealamh raidió sin, gach gníomhaíocht cheartaitheach agus shriantach a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
) agus faoin Treoir seo. Cuirfidh siad an Coimisiún agus údaráis um fhaireachas margaidh na mBallstát uile eile ar an eolas láithreach faoi na gníomhaíochtaí sin.
|
|
Airteagal 43c 9.
|
Ní dhéanfaidh an úsáid a bhainfear as an nós imeachta um údarú a leagtar amach i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo difear ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann do chur i bhfeidhm na nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 17.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014L0053
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|