|
+Airteagal 43c 6. |
Airteagal 43c 6.Aon údarú a eisítear de bhun mhír 1, leagfar amach leis na coinníollacha agus na ceanglais faoina bhféadfar an trealamh raidió a chur ar an margadh. Leagfar amach an méid seo a leanas ar a laghad sna húdaruithe sin:
(a)
tuairisc ar na nósanna imeachta, trínar léiríodh go rathúil go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 3 den Treoir seo;
(b)
aon cheanglas sonrach maidir le hinrianaitheacht an trealaimh raidió lena mbaineann;
(c)
dáta deiridh bhailíocht an údaraithe, nach féidir a bheith níos déanaí ná an lá deireanach den tréimhse ar ghníomhachtaíodh modh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2024/2747;
(d)
aon cheanglas sonrach maidir leis an ngá atá le measúnú comhréireachta leanúnach a áirithiú maidir leis an trealamh raidió lena mbaineann;
(e)
bearta atá le déanamh ar dhul in éag nó ar dhíghníomhachtú mhodh éigeandála an mhargaidh inmheánaigh maidir leis an trealamh raidió lena mbaineann atá curtha ar an margadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|