|
+Airteagal 7 Cáilíocht agus ábhar tuarascálacha ar tharluithe ---+Article 7 1. ---+Article 7 2. ---+Article 7 3. ---+Article 7 4. ---+Article 7 5. ---+Article 7 6. ---+Article 7 7. ---+Article 7 8. |
Airteagal 7 Cáilíocht agus ábhar tuarascálacha ar tharluitheAirteagal 7 Cáilíocht agus ábhar tuarascálacha ar tharluithe 1. Beidh an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn I ar a laghad sna tuarascálacha ar tharluithe dá dtagraítear in Airteagal 6. 2. Déanfar aicmiú riosca sábháilteachta don tarlú lena mbaineann a áireamh sna tuarascálacha ar tharluithe sin dá dtagraítear i mír 5, mír 6 agus mír 8 d'Airteagal 6. Is é údarás inniúil an Bhallstáit nó an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh an t-aicmiú sin a athbhreithniú, a leasú más gá, agus a fhormhuiniú, i gcomhréir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo. 3. Bunóidh eagraíochtaí, na Ballstáit agus an Ghníomhaireacht próisis seiceála cáilíochta sonraí chun feabhas a chur ar chomhsheasmhacht na sonraí, go háirithe idir an fhaisnéis a bailíodh ar dtús agus an tuarascáil a stóráiltear sa bhunachar sonraí. 4. Úsáidfear sna bunachair shonraí dá dtagraítear i mír 5, mír 6 agus mír 8 d'Airteagal 6 formáidí atá: (a) caighdeánaithe chun malartú faisnéise a éascú; agus (b) comhoiriúnach maidir le bogearraí ECCAIRS agus maidir le tacsanomaíocht ADREP. 5. Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an nGníomhaireacht trí líonra na n-anailísithe sábháilteachta eitlíochta, dá dtagraítear in Airteagal 14(2), comhscéim Eorpach um aicmiú riosca a fhorbairt chun go mbeidh sé ar chumas na n-eagraíochtaí, na mBallstát agus na Gníomhaireachta tarluithe a aicmiú i dtéarmaí an riosca sábháilteachta. Ar an gcaoi sin, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le comhoiriúnacht maidir leis na scéimeanna um aicmiú riosca atá ann cheana. Déanfaidh an Coimisiún an scéim sin a fhorbairt faoin 15 Bealtaine 2017. 6. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca a shainiú. 7. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na socruithe chun an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca a chur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 19(2). 8. Tacóidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht le húdaráis inniúla na mBallstát leis an gcúram atá orthu sonraí a chomhtháthú, lena n-áirítear, mar shampla: (a) le comhtháthú na faisnéise íosta dá dtagraítear i mír 1; (b) le haicmiú riosca na dtarluithe dá dtagraítear i mír 2; agus (c) le bunú próiseas seiceála cáilíochta sonraí dá dtagraítear i mír 3. Cuirfidh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht an tacaíocht sin ar fáil ar bhealach a chuirfear le comhchuibhiú an phróisis iontrála sonraí ar fud na mBallstát, agus go háirithe tríd an méid seo a leanas a chur ar fáil don fhoireann a oibríonn sna comhlachtaí nó sna heintitis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), (3) agus (4): (a) ábhar treorach; (b) ceardlanna; agus (c) oiliúint iomchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|