+Airteagal 6 Rialacha maidir le measúnú torainn
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
|
Airteagal 6 Rialacha maidir le measúnú torainn
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfar an staid torainn a mheasúnú ar bhonn rialta sna haerfoirt a bhfuil siad freagrach astu, i gcomhréir le Treoir 2002/49/CE agus leis an reachtaíocht is infheidhme i ngach Ballstát. Féadfaidh na húdaráis inniúla a iarraidh tacaíocht a fháil ón gComhlacht Athbhreithnithe Feidhmíochta dá dtagraítear in Airteagal 3 de Rialachán (AE) Uimh. 691/2010 ón gCoimisiún (7).
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Má léirítear, leis an measúnú sin dá dtagraítear i mír 1, go bhféadfadh go dteastódh srianta nua oibriúcháin chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb ag aerfort, áiritheoidh na húdaráis inniúla an méid a leanas:
|
(a)
|
go mbainfear feidhm as an modh, as na táscairí agus as an bhfaisnéis atá in Iarscríbhinn I ar bhealach chun cion gach cineáil birt a chur san áireamh faoin gCur Chuige Cothrom, sula dtabharfar isteach srianta oibriúcháin.
|
|
(b)
|
go mbunófar comhar teicniúil ar an leibhéal cuí idir na hoibreoirí aerfoirt, na hoibreoirí aerárthaí agus na soláthróirí seirbhísí aerloingseoireachta chun bearta a imscrúdú lena laghdófar torann. Áiritheoidh na húdaráis inniúla freisin go rachfar i mbun comhairle le cónaitheoirí áitiúla nó a n-ionadaithe agus le húdaráis áitiúla ábhartha chomh maith agus go dtabharfar faisnéis theicniúil dóibh maidir le bearta laghdaithe torainn.
|
|
(c)
|
go ndéanfar cost-éifeachtúlacht aon sriain nua oibriúcháin a mheasúnú, i gcomhréir le hIarscríbhinn II. Leasuithe beaga teicniúla ar bhearta nach ngabhann impleachtaí substainteacha leo ó thaobh acmhainne nó oibríochtaí de, ní mheasfar mar shrianta nua oibriúcháin iad.
|
|
(d)
|
go ndéanfar an próiseas comhairliúcháin le páirtithe leasmhara, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm próisis eadrána, a eagrú ar shlí thráthúil agus shubstainteach, lena n-áiritheofar oscailteacht agus trédhearcacht maidir le sonraí agus leis an modh ríomha. Beidh trí mhí ar a laghad ag na páirtithe leasmhara chun barúlacha a thíolacadh sula nglacfar na srianta nua oibriúcháin. Ar na páirtithe leasmhara sin, beidh siad seo a leanas ar a laghad:
|
(i)
|
cónaitheoirí áitiúla, a bhfuil cónaí orthu i gcomharsanacht an aerfoirt, agus a mbíonn tionchar ag torann aerthráchta orthu, nó a gcuid ionadaithe, agus na húdaráis ábhartha áitiúla;
|
|
(ii)
|
ionadaithe ó ghnólachtaí áitiúla atá bunaithe i gcomharsanacht an aerfoirt, a mbíonn tionchar ag an aerthrácht agus ag oibriú an aerfoirt ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun acu;
|
|
(iii)
|
oibreoirí ábhartha aerfoirt;
|
|
(iv)
|
ionadaithe thar ceann na n-oibreoirí aerárthaí sin a bhféadfadh gníomhaíochtaí atá bainteach le torann difear a dhéanamh dóibh;
|
|
(v)
|
na soláthraithe ábhartha seirbhísí aerloingseoireachta;
|
|
(vi)
|
an Bainisteoir Líonra, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (8);
|
|
(vii)
|
i gcás inarb infheidhme, comhordaitheoir ainmnithe na sliotán.
|
|
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú leantach agus faireachán ar chur chun feidhme na srianta oibriúcháin agus gníomhóidh siad de réir mar is iomchuí. Áiritheoidh siad go ndéanfar faisnéis ábhartha a chur ar fáil saor in aisce agus go pras ar bhealach so-rochtana do na cónaitheoirí áitiúla atá ina gcónaí i gcomharsanacht na n-aerfort agus do na húdaráis ábhartha áitiúla.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Féadfar an méid a leanas a áireamh san fhaisnéis ábhartha:
|
(a)
|
agus an dlí náisiúnta á chomhlíonadh, faisnéis maidir le sáruithe líomhainte mar thoradh ar athruithe i nósanna imeachta eitiltí, ó thaobh an tionchair a bhíonn acu agus na cúiseanna a ndearnadh na hathruithe sin;
|
|
(b)
|
na critéir ghinearálta a chuirtear i bhfeidhm agus trácht á dháileadh agus á bhainistiú i ngach aerfort, a mhéid a mbeadh tionchar ag na critéir sin ar an gcomhshaol nó ar thorann; agus
|
|
(c)
|
sonraí a bhailítear trí chórais tomhais torainn, má tá siad ar fáil.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.06.2014 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0598
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|