|
+Airteagal 6 Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaí ---+Article 6 1. ---+Article 6 2. ---+Article 6 3. ---+Article 6 4. |
Airteagal 6 Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaíAirteagal 6 Forálacha maidir leis na réigiúin is forimeallaí 1. Ní bheidh na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní don Aontas faoi réir Airteagal 7, ná Airteagal 13 go 20 sna réigiúin is forimeallaí. 2. Faoin 2 Eanáir 2017, glacfaidh gach Ballstát a mbaineann réigiúin is forimeallaí leis, liosta de na speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní, do gach ceann de na réigiúin sin, i gcomhairle leis na réigiúin sin. 3. I gcás na speiceas coimhthíoch ionrach a áirítear ar na liostaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, sna réigiúin is forimeallaí faoi seach, na bearta a chur i bhfeidhm dá bhforáiltear in Airteagail 7 go 9, 13 go 17, 19 agus 20, de réir mar is iomchuí. Beidh na bearta sin comhoiriúnach le CFAE agus tabharfar fógra chuig an gCoimisiún ar an eolas fúthu i gcomhréir le dlí an Aontais. 4. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile láithreach maidir leis na liostaí dá dtagraítear i mír 2 agus faoi aon nuashonrú a dhéanfar ar na liostaí sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|