|
+Airteagal 18 Maoluithe ó oibleagáid an díothaithe mhear ---+Article 18 1. ---+Article 18 2. ---+Article 18 3. ---+Article 18 4. ---+Article 18 5. ---+Article 18 6. |
Airteagal 18 Maoluithe ó oibleagáid an díothaithe mhearAirteagal 18 Maoluithe ó oibleagáid an díothaithe mhear 1. Féadfaidh Ballstát a chinneadh, bunaithe ar fhianaise dhaingean eolaíoch, agus laistigh de dhá mhí tar éis speiceas coimhthíoch ionrach dá dtagraítear in Airteagal 16 a bhrath, gan bearta um dhíothú a chur i bhfeidhm má chomhlíontar ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: (a) taispeántar nach bhfuil díothú indéanta go teicniúil ós rud é nach féidir na modhanna díothaithe atá ar fáil a chur i bhfeidhm sa timpeallacht ina bhfuil an speiceas coimhthíoch ionrach bunaithe; (b) léiríonn anailís costais agus sochair ar bhonn na sonraí atá ar fáil le cinnteacht réasúnach go mbeidh na costais, san fhadtéarma, go heisceachtúil ard agus díréireach i ndáil le sochair an díothaithe; (c) níl modhanna díothaithe ar fáil nó tá siad ar fáil ach tá tionchar diúltach an-tromchúiseach acu ar shláinte an duine nó ar an gcomhshaol nó ar speicis eile. Tabharfaidh an Ballstát lena mbaineann fógra i scríbhinn don Choimisiún, gan mhoill, faoina chinneadh. Beidh an fhianaise ar fad dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír ag gabháil leis an bhfógra. 2. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an cinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 a dhiúltú, i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach ansin. 3. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Cuirfear na dréachtghníomhartha cur chun feidhme faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 27(1) laistigh de dhá mhí ó fhógra an Bhallstáit a fháil. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta imshrianta i bhfeidhm chun leathadh breise an speicis choimhthígh ionraigh go dtí Ballstáit eile a sheachaint, nuair nach gcuirfear bearta um dhíothú i bhfeidhm, de bhun mhír 1. 5. I gcás ina ndiúltóidh an Coimisiún do chinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann na bearta díothaithe dá dtagraítear in Airteagal 17 a chur i bhfeidhm gan mhoill. 6. I gcás nach ndiúltóidh an Coimisiún do chinneadh ar tugadh fógra ina leith i gcomhréir leis an dara fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, beidh an speiceas coimhthíoch ionrach faoi réir na mbeart bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 19. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|