+Airteagal 19 Bearta bainistíochta
---+Article 19 1.
---+Article 19 2.
---+Article 19 3.
---+Article 19 4.
---+Article 19 5.
|
Airteagal 19 Bearta bainistíochta
Airteagal 19 Bearta bainistíochta 1. Faoi 18 mí ar a dhéanaí ón uair a chuirtear speiceas coimhthíoch ionrach ar liosta an Aontais, beidh bearta bainistíochta éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit do na speicis choimhthíocha ionracha sin is ábhar imní don Aontas a fuair na Ballstáit a bheith leata go fairsing ar a gcríoch, ionas go ndéanfar a dtionchar ar bhithéagsúlacht, ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú. Beidh na bearta bainistíochta sin comhréireach leis an tionchar ar an gcomhshaol agus oiriúnach do chúinsí sonracha na mBallstát, bunófar iad ar anailís ar chostais agus ar shochair agus cuimseofar iontu freisin na bearta um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 20, a mhéid is féidir. Cuirfear in ord tosaíochta iad bunaithe ar an measúnú riosca agus ar a n-éifeachtúlacht costais. 2. Ar na bearta bainistíochta beidh gníomhaíochtaí marfacha nó neamh-mharfacha, fisiceacha, ceimiceacha nó bitheolaíochta atá dírithe ar líon speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh. Nuair is iomchuí, ar na bearta bainistíochta beidh gníomhaíochtaía a chuirfear i bhfeidhm ar an éiceachóras agus a bheidh dírithe ar a athléimneacht in aghaidh ionraí reatha agus ionraí amach anseo a mhéadú. Féadfar úsáid tráchtála na speiceas coimhthíoch ionrach atá bunaithe cheana a cheadú go sealadach mar chuid de na bearta bainistíochta atá dírithe ar líon speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh, faoi bhonn cirt dian agus ar an gcoinníoll go bhfuil na rialuithe iomchuí uile i bhfeidhm chun leathadh breise a sheachaint. 3. Agus bearta bainistíochta á gcur i bhfeidhm acu agus le linn modhanna a bheidh le húsáid á roghnú acu, tabharfaidh Ballstáit aird chuí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol go háirithe i ndáil le speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus a ngnáthóga, agus áiritheoidh siad, nuair a dhírítear ar ainmhithe, go ndéanfar iad a spáráil ar aon phian, anacra nó fulaingt, gan éifeachtacht na mbeart bainistíochta a mhaolú. 4. Ceapfar agus úsáidfear an córas faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 14 chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht díothaithe, rialaithe ar líon nó bhearta imshrianta chun an tionchar ar bhithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, agus i gcás inarb infheidhme, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú. Leis an bhfaireachán, déanfar measúnú freisin ar an tionchar ar na speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu, de réir mar is iomchuí. 5. I gcás ina bhfuil riosca suntasach ann go leathfaidh speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas chuig Ballstát eile, tabharfaidh na Ballstáit a bhfuil an speiceas sin iontu fógra láithreach do na Ballstáit eile agus don Choimisiún. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta bainistíochta atá aontaithe go comhpháirteach a bhunú. I gcás ina bhféadfadh tríú tíortha dul faoi thionchar an leata, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a dhícheall na tríú tíortha lena mbaineann a chur ar an eolas.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 19 1.
|
Within 18 months of an invasive alien species being included on the Union list, Member States shall have in place effective management measures for those invasive alien species of Union concern which the Member States have found to be widely spread on their territory, so that their impact on biodiversity, the related ecosystem services, and, where applicable, on human health or the economy are minimised. Those management measures shall be proportionate to the impact on the environment and appropriate to the specific circumstances of the Member States, be based on an analysis of costs and benefits and also include, as far as is feasible, the restoration measures referred to in Article 20. They shall be prioritised based on the risk evaluation and their cost effectiveness.
|
|
Article 19 2.
|
The management measures shall consist of lethal or non-lethal physical, chemical or biological actions aimed at the eradication, population control or containment of a population of an invasive alien species. Where appropriate, management measures shall include actions applied to the receiving ecosystem aimed at increasing its resilience to current and future invasions. The commercial use of already established invasive alien species may be temporarily allowed as part of the management measures aimed at their eradication, population control or containment, under strict justification and provided that all appropriate controls are in place to avoid any further spread.
|
|
Article 19 3.
|
When applying management measures and selecting methods to be used, Member States shall have due regard to human health and the environment, especially non-targeted species and their habitats, and shall ensure that, when animals are targeted, they are spared any avoidable pain, distress or suffering, without compromising the effectiveness of the management measures.
|
|
Article 19 4.
|
The surveillance system provided for in Article 14 shall be designed and used to monitor the effectiveness of eradication, population control or containment measures in minimising the impact on biodiversity, the related ecosystems services and, where applicable, on human health or the economy. The monitoring shall also assess the impact on non-targeted species, as appropriate.
|
|
Article 19 5.
|
Where there is a significant risk that an invasive alien species of Union concern will spread to another Member State, the Member States in which that species is present shall immediately notify the other Member States and the Commission. Where appropriate, the Member States concerned shall establish jointly agreed management measures. Where third countries may also be affected by the spread, the Member State affected shall endeavour to inform the third countries concerned.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.12.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R1143
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|