Airteagal 19
Bearta bainistíochta
1. Faoi 18 mí ar a dhéanaí ón uair a chuirtear speiceas coimhthíoch ionrach ar liosta an Aontais, beidh bearta bainistíochta éifeachtacha i bhfeidhm ag na Ballstáit do na speicis choimhthíocha ionracha sin is ábhar imní don Aontas a fuair na Ballstáit a bheith leata go fairsing ar a gcríoch, ionas go ndéanfar a dtionchar ar bhithéagsúlacht, ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais lena mbaineann agus, i gcás inarb iomchuí, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú.
Beidh na bearta bainistíochta sin comhréireach leis an tionchar ar an gcomhshaol agus oiriúnach do chúinsí sonracha na mBallstát, bunófar iad ar anailís ar chostais agus ar shochair agus cuimseofar iontu freisin na bearta um athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 20, a mhéid is féidir. Cuirfear in ord tosaíochta iad bunaithe ar an measúnú riosca agus ar a n-éifeachtúlacht costais.
2. Ar na bearta bainistíochta beidh gníomhaíochtaí marfacha nó neamh-mharfacha, fisiceacha, ceimiceacha nó bitheolaíochta atá dírithe ar líon speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh. Nuair is iomchuí, ar na bearta bainistíochta beidh gníomhaíochtaía a chuirfear i bhfeidhm ar an éiceachóras agus a bheidh dírithe ar a athléimneacht in aghaidh ionraí reatha agus ionraí amach anseo a mhéadú. Féadfar úsáid tráchtála na speiceas coimhthíoch ionrach atá bunaithe cheana a cheadú go sealadach mar chuid de na bearta bainistíochta atá dírithe ar líon speiceas coimhthíoch ionrach a dhíothú, a rialú nó a imshrianadh, faoi bhonn cirt dian agus ar an gcoinníoll go bhfuil na rialuithe iomchuí uile i bhfeidhm chun leathadh breise a sheachaint.
3. Agus bearta bainistíochta á gcur i bhfeidhm acu agus le linn modhanna a bheidh le húsáid á roghnú acu, tabharfaidh Ballstáit aird chuí ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol go háirithe i ndáil le speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu agus a ngnáthóga, agus áiritheoidh siad, nuair a dhírítear ar ainmhithe, go ndéanfar iad a spáráil ar aon phian, anacra nó fulaingt, gan éifeachtacht na mbeart bainistíochta a mhaolú.
4. Ceapfar agus úsáidfear an córas faireachais dá bhforáiltear in Airteagal 14 chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht díothaithe, rialaithe ar líon nó bhearta imshrianta chun an tionchar ar bhithéagsúlacht agus ar na seirbhísí gaolmhara éiceachórais, agus i gcás inarb infheidhme, ar shláinte an duine nó ar an ngeilleagar a íoslaghdú. Leis an bhfaireachán, déanfar measúnú freisin ar an tionchar ar na speicis nach bhfuiltear ag díriú orthu, de réir mar is iomchuí.
5. I gcás ina bhfuil riosca suntasach ann go leathfaidh speiceas coimhthíoch ionrach is ábhar imní don Aontas chuig Ballstát eile, tabharfaidh na Ballstáit a bhfuil an speiceas sin iontu fógra láithreach do na Ballstáit eile agus don Choimisiún. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta bainistíochta atá aontaithe go comhpháirteach a bhunú. I gcás ina bhféadfadh tríú tíortha dul faoi thionchar an leata, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann a dhícheall na tríú tíortha lena mbaineann a chur ar an eolas.