|
+Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú ---+Article 24 1. ---+Article 24 2. ---+Article 24 3. ---+Article 24 4. |
Airteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniúAirteagal 24 Tuairisciú agus athbhreithniú 1. Faoin 1 Meitheamh 2019, agus gach sé bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a nuashonrú agus a sheoladh chuig an gCoimisiún: (a) tuairisc ar an gcóras faireachais de bhun Airteagal 14 agus ar an gcóras um rialú oifigiúil ar speicis choimhthíocha a thagann isteach san Aontas de bhun Airteagal 15, nó leagan nuashonraithe di; (b) dáileadh an speicis choimhthígh ionraigh is ábhar imní don Aontas, nó is ábhar imní ar bhonn réigiúnach, agus atá ina gcríoch, i gcomhréir le hAirteagal 11(2), lena n-áirítear faisnéis faoi phatrúin imirce nó atáirgthe; (c) faisnéis faoi na speicis a mheastar mar speicis choimhthíocha ionracha is ábhar imní do Bhallstát de bhun Airteagal 12 (2); (d) na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2); (e) faisnéis chomhiomlán a chumhdaíonn an chríoch náisiúnta iomlán maidir leis na bearta um dhíothú a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 17, na bearta bainistíochta a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 19, agus a n-éifeachtacht, chomh maith lena dtionchar ar speicis nach speicis a dhírítear orthu iad; (f) líon na gceadanna dá dtagraítear in Airteagal 8 agus an chúis ar eisíodh iad; (g) bearta a glacadh chun an pobal a chur ar an eolas i dtaca le speiceas coimhthíoch ionrach a bheith i láthair agus aon ghníomhaíochtaí a iarradh ar shaoránaigh a ghlacadh; (h) na cigireachtaí a cheanglaítear faoi Airteagal 8(8); agus (i) faisnéis faoi chostas na gníomhaíochta a dhéantar chun an Rialachán seo a chomhlíonadh, má bhíonn sí ar fáil. 2. Faoin 5 Samhain 2015, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus cuirfidh siad na Ballstáit eile ar an eolas faoi na húdaráis inniúla atá i gceannas ar an Rialachán seo a chur chun feidhme. 3. Faoin 1 Meitheamh 2021, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo lena n-áirítear liosta an Aontais, na pleananna gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2), an córas faireachais, rialuithe custaim, an oibleagáid um dhíothú agus na hoibleagáidí bainistithe, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a bhféadfaidh tograí reachtacha chun an Rialachán seo a leasú a bheith ag gabháil léi, lena n-áirítear athruithe ar liosta an Aontais. Leis an athbhreithniú sin, scrúdófar freisin éifeachtacht na bhforálacha cur chun feidhme maidir le speicis choimhthíocha is ábhar imní ar bhonn réigiúnach, an gá atá leis an speiceas atá dúchasach don Aontas a áireamh i liosta an Aontais agus a indéanta atá sé déanamh amhlaidh agus an bhfuil gá le comhchuibhiú breise chun éifeachtacht na bpleananna gníomhaíochta agus na mbeart arna ndéanamh ag na Ballstáit a mhéadú. 4. Sonróidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na formáidí teicniúla le haghaidh tuairisciú d’fhonn oibleagáidí tuairiscithe a shimpliú agus a shruthlíniú do na Ballstáit i ndáil leis an bhfaisnéis de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|