+Airteagal 11 Ábhar na tuarascála astaíochtaí
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
|
Airteagal 11 Ábhar na tuarascála astaíochtaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Ó 2019 ar aghaidh, faoin 30 Aibreán gach bliain, cuirfidh cuideachtaí tuarascáil astaíochtaí i ndáil leis na hastaíochtaí
►M2
gás ceaptha teasa ◄ agus faisnéis ábhartha eile le haghaidh na tréimhse tuairiscithe ar fad le haghaidh gach loinge atá faoina bhfreagracht faoi bhráid an Choimisiúin agus údaráis na mBratstát lena mbaineann, ar tuarascáil í a bheidh fíoraithe chun sástachta ag fíoraitheoir de réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 13. Ó 2025 ar aghaidh, faoin 31 Márta gach bliain, cuirfidh cuideachtaí, maidir le gach long atá faoina bhfreagracht, tuarascáil astaíochtaí don tréimhse tuairiscithe iomlán den bhliain roimhe sin faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh, faoi bhráid údaráis na mBratstát lena mbaineann maidir le longa a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu agus faoi bhráid an Choimisiúin, ar tuarascáil í atá fíoraithe chun sástachta ag fíoraitheoir i gcomhréir le hAirteagal 13. Féadfaidh an t-údarás riaracháin freagrach a cheangal ar chuideachtaí a dtuarascálacha astaíochtaí a thíolacadh faoi dháta is luaithe ná an 31 Márta, ach tráth nach luaithe ná an 28 Feabhra.
|
|
Airteagal 11 2.
|
I gcás ina n-athraítear cuideachta, cuirfidh an chuideachta roimhe sin faoi bhráid an údaráis riaracháin fhreagraigh, faoi bhráid údaráis na mBratstát lena mbaineann maidir le longa a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu, faoi bhráid na cuideachta nua agus faoi bhráid an Choimisiúin, chomh gar agus is féidir don lá a chríochnaítear an t-athrú agus tráth nach déanaí ná 3 mhí ina dhiaidh sin, tuarascáil fhíoraithe lena gcumhdaítear na heilimintí céanna agus atá sa tuarascáil astaíochtaí dá dtagraítear i mír 1, ach atá teoranta don tréimhse a chomhfhreagraíonn do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoina freagracht.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Déanfaidh cuideachtaí an fhaisnéis seo a leanas a áireamh sa tuarascáil astaíochtaí:
(a)
sonraí chun an long agus an chuideachta a shainaithint, lena n-áirítear:
(iii)
calafort cláraithe nó calafort baile,
(iv)
aicme oighir na loinge, má áirítear sin sa phlean faireacháin,
(v)
éifeachtúlacht theicniúil na loinge (Innéacs Dearaidh um Éifeachtúlacht Fuinnimh (EEDI) nó an Treoirluach Measta (EIV) i gcomhréir le Rún IMO MEPC.215 (63), nuair is infheidhme),
(vii)
seoladh úinéir na loinge agus a phríomháit ghnó,
(viii)
ainm na cuideachta (murab ionann í agus úinéir na loinge),
(ix)
seoladh na cuideachta (murab ionann í agus úinéir na loinge) agus a príomháit ghnó,
(x)
seoladh, sonraí teileafóin agus ríomhphoist duine teagmhála;
(b)
céannacht an fhíoraitheora a rinne measúnú ar an tuarascáil astaíochtaí;
(c)
faisnéis maidir leis an modh faireacháin arna úsáid agus an leibhéal gaolmhar neamhchinnteachta;
(d)
torthaí ón bhfaireachán bliantúil a dhéantar ar na paraiméadair i gcomhréir le hAirteagal 10.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Faoin 1 Deireadh Fómhair 2023, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 chun Airteagail 11, 11a agus 12 a leasú maidir leis na rialacha a bhaineann le tuairisciú a dhéanamh chun a chur i gcuntas gur áiríodh astaíochtaí CH4 agus N2O, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa amach ón gcósta, faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|