+Airteagal 14 Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.

Airteagal 14 Oibleagáidí ginearálta agus prionsabail ghinearálta do na fíoraitheoirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.
Beidh an fíoraitheoir neamhspleách ar an gcuideachta nó ar oibreoir loinge agus cuirfidh sé na gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoin Rialachán seo i gcrích chun leas an phobail. Chun na críche sin, ní cuideachta ná oibreoir loinge a bheidh san fhíoraitheoir ná in aon chuid den eintiteas dlí céanna, ná ina úinéir cuideachta ná ní bheidh siad faoina n-úinéireacht ná ní bheidh caidreamh ag an bhfíoraitheoir leis an gcuideachta a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do neamhspleáchas ná do neamhchlaontacht an fhíoraitheora.
Airteagal 14 2.

Agus fíorú na tuarascála astaíochtaí agus na nósanna imeachta faireacháin arna gcur i bhfeidhm ag an gcuideachta á mheas aige, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iontaofacht, inchreidteacht agus cruinneas na gcóras faireacháin agus na sonraí agus na faisnéise tuairiscithe a bhaineann le hastaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ , go háirithe:

(a) 

ídiú breosla a chur i leith muiraistear;

(b) 

na sonraí tuairiscithe maidir le breosla ídithe agus na tomhais ghaolmhara agus na ríomhanna gaolmhara;

(c) 

rogha agus úsáid na bhfachtóirí astaíochta;

▼M2

(d) 

na ríomhanna atá mar bhonn le cinneadh na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána agus iomlán comhiomlánaithe na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa a chumhdaítear le Treoir 2003/87/CE i ndáil le gníomhaíochtaí muiriompair i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin agus atá le tuairisciú faoin Treoir sin;

▼B

(e) 

na ríomhanna atá mar bhonn le cinneadh na héifeachtúlachta fuinnimh.

Airteagal 14 3.

Ní bhreithneoidh an fíoraitheoir ach na tuarascálacha astaíochtaí a chuirtear isteach i gcomhréir le hAirteagal 12 i gcás inar féidir na hastaíochtaí ►M2  gás ceaptha teasa ◄ a chinneadh le méid réasúnta cinnteachta éigin le sonraí agus faisnéis iontaofa agus inchreidte agus ar an gcoinníoll go n-áirithítear na nithe seo a leanas:

(a) 

go bhfuil na sonraí tuairiscithe comhleanúnach i ndáil leis na sonraí measta atá bunaithe ar shonraí rianaithe long agus saintréithe long amhail cumhacht an innill suiteáilte;

(b) 

nach bhfuil aon neamh-chomhsheasmhachtaí sna sonraí tuairiscithe, go háirithe nuair a bhíonn toirt iomlán an bhreosla a cheannaíonn gach long go bliantúil á cur i gcomparáid leis an ídiú comhiomlán breosla le linn muiraistear;

(c) 

gur bailíodh na sonraí i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; agus

(d) 

go bhfuil taifid ábhartha na loinge iomlán agus comhsheasmhach.

Airteagal 14 4.
Agus fíorú na sonraí comhiomlánaithe astaíochtaí ar leibhéal cuideachta á mheas aige, déanfaidh an fíoraitheoir measúnú ar iomláine na sonraí arna dtuairisciú agus comhsheasmhacht na sonraí arna dtuairisciú leis an bhfaisnéis arna soláthar ag an gcuideachta, lena n-áirítear a tuarascálacha astaíochtaí fíoraithe agus na tuarascálacha dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0757
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.