+Airteagal 5 Oibleagáidí sonracha na monaróirí
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.
|
Airteagal 5 Oibleagáidí sonracha na monaróirí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Áiritheoidh monaróirí go ndéantar a gcuid cineálacha nua feithicle uile, agus a gcuid córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheaptar agus a thógtar le haghaidh feithiclí den sórt sin a mhonarú agus a cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Léireoidh monaróirí go dtógtar gach cineál nua feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofar go ndéantar eCall ar an uimhir éigeandála Eorpach aonair 112 a thruicearú go huathoibríoch i gcás timpiste tromchúiseach a thiteann amach ar chríoch an Aontais agus a bhraitear trí cheann amháin nó níos mó de bhraiteoirí nó de phróiseálaithe laistigh den fheithicil a chur i ngníomh. Léireoidh monaróirí go dtógtar cineálacha nua feithiclí ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir eCall ar an uimhir éigeandála Eorpach aonair 112 a thruicearú de láimh freisin. Áiritheoidh monaróirí go ndéantar an rialtán truicir de láimh don chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a cheapadh ar bhealach ina ndéanfar míláimhseáil a sheachaint.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Tá mír 2 gan dochar don cheart atá ag úinéir na feithicle leas a bhaint as córas eCall infheithicle STP a chuireann seirbhís chomhchosúil ar fáil, le cois chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
comhlíonfaidh an córas eCall infheithicle STP caighdeán EN 16102:2011 “Córais chliste iompair — eCall — Ceanglais oibriúcháin do thacaíocht ó thríú páirtí”;
(b)
áiritheoidh monaróirí nach bhfuil ach córas amháin sa turas i ngníomh agus go ndéantar truicearú go huathoibríoch ar an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 i gcás nach bhfeidhmíonn an córas eCall infheithicle STP;
(c)
beidh an ceart ag úinéir na feithicle i gcónaí chun an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a roghnú in ionad chóras eCall infheithicle STP;
(d)
déanfaidh monaróirí faisnéis faoin gceart dá dtagraítear i bpointe (c) a chur i lámhleabhar an úinéara.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Áiritheoidh monaróirí go bhfuil na glacadóirí sna córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 comhoiriúnach leis na seirbhísí suite a sholáthraíonn córais Galileo agus EGNOS. Féadfaidh monaróirí comhoiriúnacht le córais eile um loingseoireacht satailíte a roghnú freisin, de bhreis air sin.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Na córais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, agus iad sin amháin, ar córais iad atá buansuiteáilte laistigh den fheithicil nó cineálcheadaithe go leithleach, ar córais iad a fhéadfar a thástáil, glacfar leo chun críocha chineálcheadú CE.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Léireoidh monaróirí go dtabharfar rabhadh d'áititheoirí na feithicle i gcás cliseadh criticiúil ar an gcóras a mbeadh mar thoradh air nach bhféadfaí eCall atá bunaithe ar 112 a chur.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Beidh an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 inrochtana do gach oibreoir neamhspleách ar tháille réasúnach nach mó ná méid ainmniúil agus gan idirdhealú chun críocha deisithe agus cothabhála i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.
|
|
Airteagal 5 8.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 lena mbunaítear na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na tástálacha i gcomhair chineálcheadú CE feithiclí i dtaca lena gcórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus i gcomhair chineálcheadú CE córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. The technical requirements and tests referred to in the first subparagraph shall be based on the requirements set out in paragraphs 2 to 7 and on the available standards relating to eCall, where applicable, including:
(a)
►M3
EN 16072:2025 ◄ “Córais chliste iompair — eSafety — Ceanglais oibriúcháin eCall Phan-Eorpaigh”;
(b)
ón 9 Bealtaine 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025 EN 16062:2023 “Córais chliste iompair — eSafety — Ceanglais Ardleibhéil Cur i bhFeidhm (HLAP)”;agus ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, CEN/TS 17184:2022 “Córais chliste iompair — eSafety — prótacail ardleibhéil cur i bhfeidhm (HLAP) eCall a úsáideann fochóras ilmheán IP (IMS) thar líonraí paicéadlasctha”;
(c)
ón 9 Bealtaine 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025 EN 16454:2023 “Córais chliste iompair — eSafety — Tástáil chomhlíontachta eCall ó phointe deiridh go pointe deiridh”;agus ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, CEN/TS 17240:2018 “Córais chliste iompair — eSafety — tástáil chomhlíontachta eCall ó phointe deiridh go pointe deiridh le haghaidh córais phaicéadlasctha IMS”;
(d)
EN 15722:2020 “Córais chliste iompair — eSafety — Tacar íosta sonraí (TÍS) eCall”;
(e)
EN 16102:2011 ‘Intelligent transport systems — eCall — Operating requirements for third party support’;
(f)
any additional European standards relating to the eCall system adopted in conformity with the procedures laid down in Regulation (EU) No 1025/2012 of the European Parliament and of the Council (
3
), or Regulations of the United Nations Economic Commission for Europe (UNECE Regulations) relating to eCall systems to which the Union has acceded.
Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.
|
|
Airteagal 5 9.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun na leaganacha de na caighdeáin dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo a nuashonrú tráth a nglactar leagan nua.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0758
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|