+Airteagal 6 Rialacha maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
---+Airteagal 6 5.
---+Airteagal 6 6.
---+Airteagal 6 7.
---+Airteagal 6 8.
---+Airteagal 6 9.
---+Airteagal 6 10.
---+Airteagal 6 11.
---+Airteagal 6 12.
---+Airteagal 6 13.

Airteagal 6 Rialacha maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 6 1.
Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 95/46/CE agus do Threoir 2002/58/CE. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112, comhlíonfaidh sí na rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta dá bhforáiltear sna Treoracha sin.
Airteagal 6 2.
Ní bhainfear úsáid as na sonraí pearsanta a phróiseáltar de bhun an Rialacháin seo ach amháin chun na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2) a láimhseáil.
Airteagal 6 3.
Ní choimeádfar na sonraí pearsanta a phróiseáiltear de bhun an Rialacháin seo ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2) a láimhseáil. Déanfar na sonraí sin a scriosadh go hiomlán a luaithe nach mbeidh gá a thuilleadh leo chun na críche sin.
Airteagal 6 4.
Áiritheoidh monaróirí nach bhfuil an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 inrianaithe agus nach bhfuil sé faoi réir aon bhuanrianaithe.
Airteagal 6 5.
Áiritheoidh monaróirí go mbaintear sonraí go huathoibríoch agus go leanúnach ó chuimhne inmheánach chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Beidh cead an t-eolas faoi na trí áit dheireanacha ina raibh an fheithicil, agus an t-eolas sin amháin, a choimeád a mhéid a bheidh fíorghá leis chun an áit reatha agus an treo taistil a shonrú tráth an teagmhais.
Airteagal 6 6.
Ní bheidh na sonraí sin ar fáil lasmuigh den chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 d'eintitis ar bith sula ndéantar an eCall a thruicearú.
Airteagal 6 7.
Beidh teicneolaíochtaí um fheabhsú príobháideachta leabaithe sa chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 d'fhonn an leibhéal iomchuí cosanta príobháideachta a sholáthar d'úsáideoirí eCall, chomh maith leis na cosaintí is gá chun faireachas agus mí-úsáid a chosc.
Airteagal 6 8.
Ní bheidh san áireamh in TÍS arna sheoladh ag an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 ach an íosfhaisnéis dá dtagraítear i gcaighdeán EN 15722:2011 “Córais chliste iompair — eSafety — Tacar íosta sonraí (TÍS) eCall”. Ní tharchuirfear aon sonraí breise tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Déanfar TÍS sin a stóráil ar bhealach ina bhféadfar é a scriosadh go hiomlán agus go buan.
Airteagal 6 9.

Cuirfidh monaróirí faisnéis shoiléir agus chuimsitheach ar fáil i lámhleabhar an úinéara maidir le próiseáil na sonraí a dhéantar tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112. Is éard a bheidh san fhaisnéis sin:

(a) 

an tagairt don bhunús dlí don phróiseáil;

(b) 

an fhíric go ndéantar an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 a chur i ngníomh mar réamhshocrú;

(c) 

na socruithe don phróiseáil sonraí a dhéanann an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112;

(d) 

cuspóir sonrach phróiseáil eCall a bheidh teoranta do na staideanna éigeandála dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(2);

(e) 

na cineálacha sonraí a bhailítear agus a phróiseáltar agus faighteoirí na sonraí sin;

(f) 

an teorainn ama maidir le sonraí a choinneáil sa chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112;

(g) 

an fhíric nach ndéantar aon bhuanrianú ar an bhfeithicil;

(h) 

na socruithe maidir le cearta na ndaoine is ábhar do na sonraí a fheidhmiú mar aon leis an tseirbhís teagmhála atá freagrach as iarrataí ar rochtain a láimhseáil;

(i) 

aon fhaisnéis bhreise is gá maidir le hinrianaitheacht, rianú agus próiseáil sonraí pearsanta i ndáil le seirbhísí eCall STP agus/nó seirbhísí eile breisluacha a sholáthar, ar faisnéis í a bheidh faoi réir toiliú sainráite a fháil ón úinéir agus i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. Féadfaidh difríochtaí a bheith ann idir an phróiseáil sonraí a dhéantar tríd an gcóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus córais eCall infheithicle STP nó seirbhísí breisluacha eile agus tabharfar aird ar leith ar an bhfíric sin.

Airteagal 6 10.
D'fhonn mearbhall a sheachaint i dtaobh na gcuspóirí atá á saothrú agus i dtaobh bhreisluach na próiseála, déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 9 a chur ar fáil ar leithligh i lámhleabhar an úinéara don chóras eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus do chórais eCall STP sula n-úsáidfear an córas.
Airteagal 6 11.
Áiritheoidh monaróirí go ndéantar an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus aon chóras breise lena soláthraítear eCall STP nó seirbhís bhreisluach a cheapadh ar bhealach nach bhféadfar sonraí pearsanta a mhalartú eatarthu. Mura n-úsáidtear córas lena soláthraítear eCall STP nó seirbhís bhreisluach nó má dhiúltaíonn an duine is ábhar do na sonraí a thoiliú nó a toiliú a thabhairt lena shonraí pearsanta nó lena sonraí pearsanta a phróiseáil le haghaidh sheirbhís eCall STP nó le haghaidh seirbhís bhreisluach, ní bheidh aon éifeachtaí díobhálacha ag an méid sin ar úsáid an chórais eCall infheithicle atá bunaithe ar 112.
Airteagal 6 12.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 8 chun an méid seo a leanas a bhunú:

(a) 

na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na nósanna imeachta tástála chun na rialacha maidir le próiseáil sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, a chur i bhfeidhm;

(b) 

na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na nósanna imeachta tástála chun a áirithiú nach ndéantar sonraí pearsanta a mhalartú idir an córas eCall infheithicle atá bunaithe ar 112 agus córais tríú páirtí dá dtagraítear i mír 11.

Déanfar na chéad ghníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

Airteagal 6 13.

Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a leagan síos:

(a) 

na socruithe praiticiúla chun measúnú a dhéanamh ar an easpa inrianaitheachta agus rianaithe dá dtagraítear i mír 4, i mír 5 agus i mír 6;

(b) 

an teimpléad don fhaisnéis úsáideora dá dtagraítear i mír 9.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 10(2).

Déanfar na chéad ghníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh faoin 9 Meitheamh 2016.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R0758
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.