|
+Airteagal 5a 10. |
Airteagal 5a 10.Beidh an méid seo a leanas sa mheasúnú dá dtagraítear i mír 9:
(a)
forbairt na gcostas mórdhíola a bhaineann le soláthar cumarsáide laistigh den Aontas;
(b)
forbairt na hiomaíochta sa mhargadh chun seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a sholáthar agus treocht phraghsanna miondíola na cumarsáide laistigh den Aontas sna Ballstáit éagsúla;
(c)
forbairt na roghanna is fearr le tomhaltóirí agus na rogha tairiscintí speisialta agus cuach nach ngearrtar muirir orthu ar bhonn thomhaltas iarbhír na cumarsáide laistigh den Aontas;
(d)
an tionchar a d’fhéadfaí a imirt ar na margaí náisiúnta chun seirbhísí cumarsáide idirphearsanta uimhirbhunaithe a sholáthar agus go háirithe ar na praghsanna miondíola a ghearrtar ar thomhaltóirí i gcoitinne, agus na costais a bhaineann le cumarsáid laistigh den Aontas a sholáthar á gcur san áireamh, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta ar ioncam i gcás soláthraithe agus, más féidir, ar chumas infheistíochta na soláthraithe, go háirithe i bhfianaise leathadh amach líonraí amach anseo i gcomhréir leis na spriocanna nascachta a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2022/2481 i gcás nach gcuirtear muirir bhreise ar chumarsáid laistigh den Aontas i bhfeidhm cheana féin;
(e)
méid úsáide, infhaighteacht agus iomaíochas na seirbhísí cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir nó aon roghanna malartacha ar chumarsáid laistigh den Aontas;
(f)
forbairt na bpleananna taraife maidir le cumarsáid laistigh den Aontas, agus go háirithe, a mhéid a chuir cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear i mír 8 torthaí ar fáil a théann i dtreo deireadh a chur le difríochtaí i bpraghsanna miondíola do thomhaltóirí idir cumarsáid intíre agus cumarsáid laistigh den Aontas. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|