+Airteagal 13g Cuideachtaí a fhoirmiú ar líne
---+Airteagal 13g 1.
---+Airteagal 13g 2.
---+Airteagal 13g 3.
---+Airteagal 13g 4.
---+Airteagal 13g 5.
---+Airteagal 13g 6.
---+Airteagal 13g 7.
---+Airteagal 13g 8.
|
Airteagal 13g Cuideachtaí a fhoirmiú ar líne
Cuideachtaí a fhoirmiú ar líne
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13g 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cuideachtaí a fhoirmiú go hiomlán ar líne gan é a bheith de cheangal ar na hiarratasóirí teacht i láthair go pearsanta os comhair aon údarás ná os comhair aon duine ná comhlacht a bheidh sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú ar líne cuideachtaí, lena n-áirítear ionstraim chomhdhéanaimh chuideachta a tharraingt suas, faoi réir na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 13b(4) agus i mír (8) den Airteagal sin. Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan nósanna imeachta foirmithe ar líne a sholáthar le haghaidh cineálacha cuideachtaí eile seachas iad sin a liostaítear in Iarscríbhinn IIA.
|
|
Airteagal 13g 2.
|
Leagfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe síos maidir le cuideachtaí a fhoirmiú ar líne, lena n-áirítear rialacha maidir le húsáid teimpléad, amhail dá dtagraítear in Airteagal 13h agus na doiciméid agus an fhaisnéis is gá chun cuideachta a fhoirmiú. Mar chuid de na rialacha sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar an foirmiú ar líne a dhéanamh trí dhoiciméid nó faisnéis a thíolacadh i bhfoirm leictreonach, lena n-áirítear cóipeanna leictreonacha de na doiciméid agus den fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 16a(4).
|
|
Airteagal 13g 3.
|
Sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, déanfar foráil maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
na nósanna imeachta chun a áirithiú go bhfuil inniúlacht dhlíthiúil is gá agus údaráis ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta ag na hiarratasóirí;
(b)
na modhanna chun sainaitheantas na n-iarratasóirí a fhíorú i gcomhréir le hAirteagal 13b;
(c)
na ceanglais a chuirtear ar na hiarratasóirí seirbhísí iontaoibhe dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 a úsáid;
(d)
na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht chuspóir na cuideachta a fhíorú sa mhéid go ndéantar foráil do sheiceálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta;
(e)
na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht ainm na cuideachta a fhíorú sa mhéid go ndéantar foráil do sheiceálacha den sórt sin faoin dlí náisiúnta;
(f)
na nósanna imeachta chun ceapachán stiúrthóirí a fhíorú.
|
|
Airteagal 13g 4.
|
Sna rialacha dá dtagraítear i mír 2, féadfar foráil a dhéanamh, go háirithe, maidir leis an méid seo a leanas freisin:
(a)
na nósanna imeachta chun dlíthiúlacht na n-ionstraimí comhdhéanaimh cuideachta a áirithiú, lena n-áirítear úsáid cheart teimpléad a fhíorú;
(b)
na hiarmhairtí a bhaineann le dícháiliú stiúrthóirí ag an údarás inniúil in aon Bhallstát;
(c)
an ról atá ag nótaire nó ag aon duine nó comhlacht eile atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné den phróiseas maidir le cuideachta a fhoirmiú ar líne;
(d)
foirmiú ar líne a eisiamh i gcásanna inar gá scairchaipiteal na cuideachta a íoc trí ranníocaíochtaí comhchineáil.
|
|
Airteagal 13g 5.
|
Ní chuirfidh na Ballstáit mar choinníoll le foirmiú cuideachta ar líne é go bhfaighfear aon cheadúnas nó údarú sula gclárófar an chuideachta, ach amháin i gcás ina bhfuil coinníoll den sórt sin fíor-riachtanach chun gníomhaíochtaí áirithe a mhaoirsiú go cuí mar a leagtar síos sa dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 13g 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás inar gá scairchaipiteal a íoc mar chuid den nós imeachta chun cuideachta a fhoirmiú, go bhféadfar íocaíocht den sórt sin a dhéanamh ar líne, i gcomhréir le hAirteagal 13e, le cuntas bainc an bhainc atá ag oibriú san Aontas. Ina theannta sin, áiritheoidh na Ballstáit go bhféadfar cruthúnas ar na híocaíochtaí sin a sholáthar ar líne freisin.
|
|
Airteagal 13g 7.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear an foirmiú ar líne i gcrích laistigh de chúig lá oibre i gcásanna ina bhfoirmítear cuideachta ag daoine nádúrtha amháin a úsáideann na teimpléid dá dtagraítear in Airteagal 13h, nó laistigh de dheich lá oibre i gcásanna eile, ón dáta is déanaí de na dátaí seo a leanas:
(a)
an dáta a chuirtear i gcrích na foirmiúlachtaí riachtanacha uile maidir le foirmiú ar líne, lena n-áirítear na doiciméid agus an fhaisnéis uile a chomhlíonann an dlí náisiúnta ag údarás nó ag duine nó comhlacht atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú cuideachta;
(b)
an dáta a íocfar táille chlárúcháin, an tráth a dhéanfar íocaíocht in airgead tirim le haghaidh scairchaipiteal nó, i gcás inar gá íocaíocht le haghaidh an scairchaipiteal a sholáthar trí ranníocaíocht chomhchineáil, dá bhforáiltear faoin dlí náisiúnta.
Más rud é nach féidir an nós imeachta a chur i gcrích laistigh de na teorainneacha ama dá dtagraítear sa mhír seo, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar fógra don iarratasóir maidir leis na cúiseanna atá leis an moill.
|
|
Airteagal 13g 8.
|
I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna leasa phoiblí chun a áirithiú go gcomhlíonfar na rialacha maidir le hinniúlacht dhlíthiúil agus le húdarás na n-iarratasóirí ionadaíocht a dhéanamh thar ceann cuideachta, féadfaidh údarás nó duine atá sainordaithe faoin dlí náisiúnta chun déileáil le haon ghné d’fhoirmiú ar líne cuideachta, lena n-áirítear an ionstraim chomhdhéanaimh a tharraingt suas, láithreacht fhisiciúil an iarratasóra a éileamh. Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfar, i gcásanna den sórt sin, láithreacht fhisiciúil na n-iarratasóirí a éileamh ach amháin de réir an cháis, i gcásanna ina bhfuil cúiseanna amhrais ann maidir le neamhchomhlíonadh na rialacha dá dtagraítear i bpointe (a) mír 3. Déanfaidh Ballstáit a áirithiú go bhféadfar céim ar bith eile den nós imeachta a chur i gcrích ar líne i gcónaí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|