|
+Airteagal 14 Doiciméid agus sonraí a bheidh le nochtadh ag cuideachtaí |
Airteagal 14 Doiciméid agus sonraí a bheidh le nochtadh ag cuideachtaíAirteagal 14 Doiciméid agus sonraí a bheidh le nochtadh ag cuideachtaí Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfaidh cuideachtaí na doiciméid agus na sonraí seo a leanas ar a laghad a nochtadh go héigeantach:
(a)
an ionstraim chomhdhéanaimh, agus na reachtanna más in ionstraim ar leithligh atá siad;
(b)
aon leasuithe ar na hionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a), lena n-áirítear aon síneadh ar ré na cuideachta;
(c)
tar éis gach leasaithe ar an ionstraim chomhdhéanaimh nó ar na reachtanna, téacs iomlán na hionstraime nó na reachtanna arna leasú go dtí seo;
(d)
ceapadh, foirceannadh oifige agus sonraí na ndaoine, mar chomhlacht a bunaíodh de bhun an dlí nó mar chomhaltaí d'aon chomhlacht den sórt sin, ar fíor an méid seo a leanas ina leith:
(i)
tá siad údaraithe ionadaíocht a dhéanamh don chuideachta agus iad ag déileáil le tríú páirtithe agus in imeachtaí dlíthiúla; beidh sé soiléir ón nochtadh an féidir leis na daoine dá n-údaraítear ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na cuideachta a bheith mar ionadaithe ina n-aonar nó an bhfuil sé de cheangal orthu gníomhú go comhpháirteach,
(ii)
glacann siad páirt i riar, i maoirseacht nó i rialú na cuideachta;
(e)
ar a laghad uair sa bhliain, méid an chaipitil a suibscríobhadh, i gcás ina luaitear caipiteal údaraithe in ionstraim chomhdhéanaimh nó sna reachtanna, mura rud é go mbeidh gá leis na reachtanna a leasú mar thoradh ar aon mhéadú ar an gcaipiteal;
(f)
(g)
aon athrú ar oifig chláraithe na cuideachta;
(h)
foirceannadh na cuideachta;
(i)
aon dearbhú ó na cúirteanna ar neamhniú na cuideachta;
(j)
ceapadh leachtaitheoirí, sonraí a bhaineann leo siúd, agus lena gcumhachtaí faoi seach, mura rud é go ndéantar na cumhachtaí sin a dhíorthú go sainráite ón dlí nó ó reachtanna na cuideachta;
(k)
aon chríochnú leachtaithe agus, sna Ballstáit sin ina mbíonn iarmhairtí dlíthiúla i gcás baint den chlár, na sonraí maidir leis an mbaint sin den chlár. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|