+Airteagal 51 Comaoin seachas in airgead tirim gan tuarascáil ó shaineolaithe
---+Airteagal 51 1.
---+Airteagal 51 2.
---+Airteagal 51 3.
|
Airteagal 51 Comaoin seachas in airgead tirim gan tuarascáil ó shaineolaithe
Comaoin seachas in airgead tirim gan tuarascáil ó shaineolaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 51 1.
|
Nuair is ann do chomaoin seachas in airgead tirim dá dtagraítear in Airteagal 50 gan tuarascáil ó shaineolaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 49(1), (2) agus (3), de bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (h) d'Airteagal 4 agus laistigh d'aon mhí amháin ó dháta éifeachtach ranníocaíocht na sócmhainne, foilseofar dearbhú ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)
tuairisc ar an gcomaoin seachas in airgead tirim atá i gceist;
(b)
a luach, foinse na luachála sin agus, i gcás inarb iomchuí, modh na luachála;
(c)
ráiteas i dtaobh an bhfuil an luach a gheofar comhréireach ar a laghad leis an líon, leis an luach ainmniúil nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, leis an bparluach cuntasach agus, i gcás inarb iomchuí, leis an bpréimh ó na scaireanna a bheidh le heisiúint maidir leis an gcomaoin sin; agus
(d)
ráiteas lena gcuirtear in iúl nár tháinig aon imthosca cáilitheacha nua chun cinn maidir leis an luacháil bhunaidh.
Déanfar foilsiú an dearbhaithe ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16.
|
|
Airteagal 51 2.
|
Nuair a bheartaítear comaoin seachas in airgead tirim a sholáthar gan tuarascáil ó shaineolaithe, amhail dá dtagraítear in Airteagal 49(1), (2) agus (3), maidir le méadú a bheartaítear a dhéanamh ar an gcaipiteal faoi Airteagal 68(2), foilseofar fógra ina mbeidh an dáta a glacadh an cinneadh maidir leis an méadú agus an fhaisnéis a liostaítear i mír 1 den Airteagal seo, ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16, sula mbeidh éifeacht le bheith le ranníocaíocht na sócmhainne mar chomaoin seachas in airgead tirim. Sa chás sin, déanfar an dearbhú de bhun mhír 1 den Airteagal seo a theorannú don ráiteas lena gcuirfear in iúl nár tháinig aon imthosca cáilitheacha nua chun cinn ó foilsíodh an fógra réamhluaite.
|
|
Airteagal 51 3.
|
Déanfaidh gach Ballstát foráil do choimircí leordhóthanacha lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 50 agus san Airteagal seo i gcás ina soláthraítear ranníocaíocht le haghaidh comaoin seachas in airgead tirim gan tuarascáil ó shaineolaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 49(1), (2) agus (3).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.08.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017L1132
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|