|
+Airteagal 51 1. |
Airteagal 51 1.Nuair is ann do chomaoin seachas in airgead tirim dá dtagraítear in Airteagal 50 gan tuarascáil ó shaineolaithe amhail dá dtagraítear in Airteagal 49(1), (2) agus (3), de bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i bpointe (h) d'Airteagal 4 agus laistigh d'aon mhí amháin ó dháta éifeachtach ranníocaíocht na sócmhainne, foilseofar dearbhú ina sonrófar an méid seo a leanas:
(a)
tuairisc ar an gcomaoin seachas in airgead tirim atá i gceist;
(b)
a luach, foinse na luachála sin agus, i gcás inarb iomchuí, modh na luachála;
(c)
ráiteas i dtaobh an bhfuil an luach a gheofar comhréireach ar a laghad leis an líon, leis an luach ainmniúil nó, i gcás nach ann do luach ainmniúil, leis an bparluach cuntasach agus, i gcás inarb iomchuí, leis an bpréimh ó na scaireanna a bheidh le heisiúint maidir leis an gcomaoin sin; agus
(d)
ráiteas lena gcuirtear in iúl nár tháinig aon imthosca cáilitheacha nua chun cinn maidir leis an luacháil bhunaidh. Déanfar foilsiú an dearbhaithe ar an mbealach a leagtar síos le dlíthe gach Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 16. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|