+Airteagal 8 Táirgí nua ar cuireadh mearcair leo agus próisis monaraithe nua
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
---+Airteagal 8 5.
---+Airteagal 8 6.
---+Airteagal 8 7.

Airteagal 8 Táirgí nua ar cuireadh mearcair leo agus próisis monaraithe nua

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 8 1.
Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha táirgí ar cuireadh mearcair leo nach raibh á monarú roimh an 1 Eanáir 2018 (“táirgí nua ar cuireadh mearcair leo”) a mhonarú ná a chur ar an margadh, mura n-údaraítear dóibh déanamh amhlaidh trí chinneadh arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo nó mura gceadaítear dóibh déanamh amhlaidh faoi Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ).

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír seo maidir le haon cheann díobh seo a leanas:

(a) 

trealamh is gá chun leasanna bunriachtanacha shlándáil na mBallstát a chosaint, lena n-airítear airm, muinsin agus ábhair chogaidh atá ceaptha chun críocha míleata go sonrach;

(b) 

trealamh atá ceaptha lena chur sa spás;

(c) 

feabhsuithe teicniúla nó athdhearadh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo a bhí á monarú roimh 1 Eanáir 2018, agus, ar choinníoll go dtiocfaidh de na feabhsuithe nó den athdhearadh sin níos lú mearcair a bheith in úsáid sna táirgí sin.

Airteagal 8 2.
Ní úsáidfidh oibreoirí eacnamaíocha próisis mhonaraíochta ina n-úsáidtear mearcair nó comhdhúile mearcair nár úsáideadh roimh an 1 Eanáir 2018 (próisis mhonaratihe nua) mura mbeidh sin údaraithe dóibh déanamh amhlaidh trí bhíthin cinneadh arna rinneadh de bhun mír 6.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír seo maidir le próisis lena monaraítear nó ina n-úsáidtear táirgí ar cuireadh mearcair leo faoi réir an toirmisc a leagtar síos i mír 1.

Airteagal 8 3.

I gcás ina mbeidh sé de rún ag oibreoir eacnamaíoch cur isteach ar chinneadh de bhun mír 6 chun monarú nó táirge nua ar cuireadh mearcair leis a chur ar an margadh nó próiseas monaraithe nua a sholáthródh tairbhí suntasacha comhshaoil nó sláinte, nach mbainfeadh aon rioscaí suntasach leo don chomhshaol nó do shláinte an duine, agus i gcás nach mbeadh aon roghanna eile saor ó mhearcair ar fáil a bheadh indéanta go teicniúil a mbeadh na tairbhí sin ag baint leo, tabharfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch fógra d'údaráis inniúla an Bhallstáit lena mbaineann. Áireofar san fhógra sin an fhaisnéis seo a leanas dóibh:

(a) 

tuairisc theicniúil ar an táirge nó ar an bpróiseas lena mbaineann;

(b) 

measúnú ar na tairbhí agus ar na rioscaí don chomhshaol agus don tsláinte a bhaineann leis an táirge;

(c) 

fianaise lena léirítear roghanna eile saor ó mhearcair a bheadh praiticiúil go teicniúil lena soláthraítear tairbhí suntasacha don chomhshaol agus don tsláinte a bheith in easnamh;

(d) 

míniú mionsonraithe ar an mbealach atá an próiseas le hoibriú nó an táirge le monarú, le húsáid agus a dhiúscairt tar éis a úsáide mar dhramhaíl, chun a áirithiú go ndéantar sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint ar ardleibhéal.

Airteagal 8 4.
Déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an fógra a fhaightear ón oibreoir eacnamaíoch a chur chuig an gCoimisiún, má mheasann sé ar bhonn a mheasúnaithe féin ar an bhfaisnéis a sholáthraítear ann go bhfuil na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 6 á gcomhlíonadh.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an Coimisiún ar an eolas faoi chásanna ina measann siad nár comhlíonadh na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 6.

Airteagal 8 5.
I gcás ina gcuirfidh an Ballstát ar aghaidh an fógra de bhun an chéad fhomhír de mhír 4 an Airteagail seo, cuirfidh an Coimisiún an fógra ar fáil láithreach don Choiste dá dtagraítear in Airteagal 22(1).
Airteagal 8 6.
Scrúdóidh an Coimisiún an fógra a gheofar agus déanfaidh sé a mheasúnú an mbeidh sé taispeánta go mbeadh tairbhí suntasacha don chomhshaol nó don tsláinte ag baint leis an táirge nua ar cuireadh mearcair leis nó leis an bpróiseas monaraithe nua, agus nach mbeadh aon rioscaí suntasacha acu don chomhshaol ná do shláinte an duine, agus nach mbeadh aon roghanna eile saor ón mearcair ar fáil a bheadh indéanta go teicniúil a mbeadh na tairbhí sin ag baint leo.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe.

Déanfaidh an Coimisiún cinntí a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, a shonrú an bhfuil an táirge ábhartha nua ar cuireadh mearcair leis nó an próiseas monaraithe nua údaraithe.Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Airteagal 8 7.
Faoin 30 Meitheamh 2018, cuirfidh an Coimisiún ar fáil go poiblí ar an idirlíon fardal de phróisis monaraithe ina n-úsáidtear mearcair agus comhdhúile mearcair a bhí á n-úsáid agus táirgí ar cuireadh mearcair leo a bhí á monarú roimh 1 Eanáir 2018 agus aon cheann de na srianta margaíochta is infheidhme.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.