|
+Airteagal 8 1. |
Airteagal 8 1.Ní dhéanfaidh oibreoirí eacnamaíocha táirgí ar cuireadh mearcair leo nach raibh á monarú roimh an 1 Eanáir 2018 (“táirgí nua ar cuireadh mearcair leo”) a mhonarú ná a chur ar an margadh, mura n-údaraítear dóibh déanamh amhlaidh trí chinneadh arna ghlacadh de bhun mhír 6 den Airteagal seo nó mura gceadaítear dóibh déanamh amhlaidh faoi Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
). Ní bheidh feidhm ag an gcéad mhír seo maidir le haon cheann díobh seo a leanas:
(a)
trealamh is gá chun leasanna bunriachtanacha shlándáil na mBallstát a chosaint, lena n-airítear airm, muinsin agus ábhair chogaidh atá ceaptha chun críocha míleata go sonrach;
(b)
trealamh atá ceaptha lena chur sa spás;
(c)
feabhsuithe teicniúla nó athdhearadh ar tháirgí ar cuireadh mearcair leo a bhí á monarú roimh 1 Eanáir 2018, agus, ar choinníoll go dtiocfaidh de na feabhsuithe nó den athdhearadh sin níos lú mearcair a bheith in úsáid sna táirgí sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|