+Airteagal 18 Tuarascáil
---+Airteagal 18 1.
---+Airteagal 18 1a.
---+Airteagal 18 2.
---+Airteagal 18 3.

Airteagal 18 Tuarascáil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 18 1.

Faoin 1 Eanáir 2020 agus ag eatraimh iomchuí ina dhiaidh sin, ullmhóidh agus foilseoidh na Ballstáit tuarascáil ar líne, agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus don phobal í, ina mbeidh an méid seo a leanas:

(a) 

faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;

(b) 

faisnéis a bhfuil gá léi chun gur féidir leis an Aontas an oibleagáid tuairiscithe arna faoi Airteagal 21 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh;

(c) 

achoimre ar an bhfaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo;

(d) 

faisnéis maidir le mearcair atá suite ina gcríocha:

(i) 

liosta de na láithreacha ina bhfuil stoic mearcair, seachas dramhaíl mhearcair, atá níos mó ná 50 tona méadrach suite chomh maith leis an méid mearcair i ngach láthair;

(ii) 

liosta de na láithreacha ina bhfuil níos mó ná 50 tona méadrach dramhaíola mearcair carntha chomh maith leis an méid dramhaíola mearcair i ngach láthair; agus

(e) 

liosta d'fhoinsí a sholáthraíonn níos mó ná 10 dtona mhéadracha mearcair sa bhliain, i gcás inar cuireadh na Ballstáit ar an eolas fúthu;

▼M3

(f) 

achoimre ar an bhfaisnéis a bailíodh i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo chomh maith leis an bhfaisnéis faoi na méideanna mearcair a úsáidtear le haghaidh na riachtanas sonrach leighis dá dtagraítear in Airteagal 10(2a); agus

(g) 

faisnéis faoi na bearta a cuireadh chun feidhme ar bhonn na treorach ón gCoimisiúin maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí dá dtagraítear in Airteagal 19(2a), pointe (a).

▼B

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan aon chuid den fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil go poiblí ar aon cheann de na forais a luaitear in Airteagal 4 (1) agus (2) de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), faoi réir an dara fomhír d'Airteagal 4(2) den Treoir sin.

Airteagal 18 1a.
Faoin 31 Bealtaine i mbliain féilire ar leith, tuairisceoidh allmhaireoirí agus monaróirí malgaim fiaclóireachta dá n-údarás inniúil don bhliain féilire roimhe sin méid malgaim fiaclóireachta a d’allmhairigh siad nó a mhonaraigh siad de bhun Airteagal 10(7), an tríú fomhír.
Airteagal 18 2.
Chun críocha an tuairisc dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún uirlis tuairiscithe leictreonach ar fáil do na Ballstáit.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun ceistneoirí iomchuí a bhunú chun an t-inneachar, an fhaisnéis agus na táscairí feidhmíochta lárnacha a shonrú ionas go gcomhlíonfar na ceanglais faoimír 1 chomh maith le formáid agus minicíocht na tuarascála dá dtagraítear i mír 1. Ní dhéanfaidh na ceistneoirí sin dúbláil ar oibleagáidí tuairiscithe na bPáirtithe sa Choinbhinsiún. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa mhír seo i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Airteagal 18 3.
Cuirfidh na Ballstáit ar fáil don Choimisiún, gan mhoill, na tuarascálacha atá curtha ar fáil acu do Rúnaíocht an Choinbhinsiúin.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 20.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R0852
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.