|
+Airteagal 18 1. |
Airteagal 18 1.Faoin 1 Eanáir 2020 agus ag eatraimh iomchuí ina dhiaidh sin, ullmhóidh agus foilseoidh na Ballstáit tuarascáil ar líne, agus cuirfidh siad ar fáil don Choimisiún agus don phobal í, ina mbeidh an méid seo a leanas:
(a)
faisnéis a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
(b)
faisnéis a bhfuil gá léi chun gur féidir leis an Aontas an oibleagáid tuairiscithe arna faoi Airteagal 21 den Choinbhinsiún a chomhlíonadh;
(c)
achoimre ar an bhfaisnéis arna bailiú i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo;
(d)
faisnéis maidir le mearcair atá suite ina gcríocha:
(i)
liosta de na láithreacha ina bhfuil stoic mearcair, seachas dramhaíl mhearcair, atá níos mó ná 50 tona méadrach suite chomh maith leis an méid mearcair i ngach láthair;
(ii)
liosta de na láithreacha ina bhfuil níos mó ná 50 tona méadrach dramhaíola mearcair carntha chomh maith leis an méid dramhaíola mearcair i ngach láthair; agus
(e)
liosta d'fhoinsí a sholáthraíonn níos mó ná 10 dtona mhéadracha mearcair sa bhliain, i gcás inar cuireadh na Ballstáit ar an eolas fúthu;
(f)
achoimre ar an bhfaisnéis a bailíodh i gcomhréir le mír 1a den Airteagal seo chomh maith leis an bhfaisnéis faoi na méideanna mearcair a úsáidtear le haghaidh na riachtanas sonrach leighis dá dtagraítear in Airteagal 10(2a); agus
(g)
faisnéis faoi na bearta a cuireadh chun feidhme ar bhonn na treorach ón gCoimisiúin maidir le teicneolaíochtaí laghdaithe le haghaidh astaíochtaí mearcair agus comhdhúile mearcair ó chréamatóiriamaí dá dtagraítear in Airteagal 19(2a), pointe (a). Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan aon chuid den fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a chur ar fáil go poiblí ar aon cheann de na forais a luaitear in Airteagal 4 (1) agus (2) de Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ), faoi réir an dara fomhír d'Airteagal 4(2) den Treoir sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|