+Airteagal 11 Nós imeachta maidir le lipéid a thabhairt isteach agus a athscálú
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 5.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 11 10.
---+Airteagal 11 11.
---+Airteagal 11 12.
---+Airteagal 11 13.
|
Airteagal 11 Nós imeachta maidir le lipéid a thabhairt isteach agus a athscálú
Nós imeachta maidir le lipéid a thabhairt isteach agus a athscálú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
Maidir leis na grúpaí táirgí dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5, déanfaidh an Coimisiún athscálú ar lipéid a bhí i bhfeidhm ar an 1 Lúnasa 2017 faoi réir mhír 4 agus mhír 5 agus mhíreanna 8 go 12. De mhaolú ar an gceanglas coigilteas suntasach fuinnimh agus costais a leagtar amach in bpointe (b) d'Airteagal 16(3) a bhaint amach, i gcás nach bhféadfar an coigilteas sin a bhaint amach le hathscálú, áiritheoidh sé scála A go G aonchineálach ar a laghad.
|
|
Airteagal 11 2.
|
I gcás nach ann do lipéad le haghaidh grúpa táirgí an1 Lúnasa 2017, féadfaidh an Coimisiún, faoi réir mhír 8 go mír 12, lipéid a thabhairt isteach.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Féadfaidh an Coimisiún lipéid a athscálú tuilleadh atá athscálaithe i gcomhréir le mír 1 nó a tugadh isteach i gcomhréir le mír 2 a athscálú tuilleadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach i bpointe (a) nó (b) de mhír 6, agus faoi réir mhír 8 go mír 12.
|
|
Airteagal 11 4.
|
D'fhonn scála A go G aonchineálach a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, faoin 2 Lúnasa 2023, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach do ghrúpaí táirgí arna gcumhdach ag gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Threoir 2010/30/AE agus é mar aidhm leis sin an lipéad athscálaithe a thaispeáint i siopaí agus ar líne araon, 18 mí i ndiaidh teacht i bhfeidhm na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Agus ord na ngrúpaí táirgí a bheidh le hathscálú á chinneadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh cion na dtáirgí sna haicmí is airde.
|
|
Airteagal 11 5.
|
De mhaolú ar mhír 4, déanfaidh an Coimisiún:
(a)
athbhreithnithe a thíolacadh ar na grúpaí táirgí a chumhdaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 811/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 812/2013 agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2015/1187 faoin 2 Lúnasa 2025, d'fhonn iad a athscálú, agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, faoin 2 Lúnasa 2026, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach.
Ar chaoi ar bith, glacfar na gníomhartha tarmligthe lena dtabharfar isteach lipéid athscálaithe A go G tráth nach déanaí ná an 2 Lúnasa 2030.
(b)
faoin 2 Samhain 2018, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun Airteagal 16 den Rialachán seo d'fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh trí lipéid athscálaithe A go G a thabhairt isteach do ghrúpaí táirgí a chumhdaítear faoi Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún (
5
), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1060/2010 ón gCoimisiún (
6
), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1061/2010 ón gCoimisiún (
7
), Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1062/2010 ón gCoimisiún (
8
) agus Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 874/2012 ón gCoimisiún (
9
) agus Treoir 96/60/CE agus é mar aidhm leo an lipéad athscálaithe a thaispeáint i siopaí agus ar líne araon, 12 mhí tar éis dóibh teacht i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 11 6.
|
Maidir leis na táirgí a d'fhéadfadh an Coimisiún a gcuid lipéad a athscálú tuilleadh i gcomhréir le mír 3, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an lipéad d'fhonn é a athscálú má mheasann sé an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil 30 % d'aonaid na múnlaí ar cuid de ghrúpa táirgí iad a dhíoltar laistigh de mhargadh an Aontais laistigh d'aicme A, an aicme éifeachtúlachta fuinnimh is fearr, agus gur féidir a bheith ag súil lena thuilleadh forbartha teicneolaíochta; nó
(b)
go bhfuil 50 % d'aonaid na múnlaí ar cuid de ghrúpa táirgí iad a dhíoltar laistigh de mhargadh an Aontais laistigh d'aicme éifeachtúlachta fuinnimh A agus aicme B, an dá aicme is fearr, agus gur féidir a bheith ag súil lena thuilleadh forbartha teicneolaíochta.
|
|
Airteagal 11 7.
|
Déanfaidh an Coimisiún staidéar athbhreithnithe má mheasann sé go gcomhlíontar coinníollacha phointe (a) nó (b) de mhír 6. Más rud é, i gcás grúpa sonrach táirgí, nach gcomhlíontar na coinníollacha sin laistigh d'ocht mbliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe ábhartha, sainaithneoidh an Coimisiún cé acu bacainní, más ann dóibh, a chuir cosc ar an lipéad a ról a chomhlíonadh. I gcás lipéid nua, déanfaidh sé staidéar ullmhúcháin bunaithe ar an liosta táscach de ghrúpaí táirgí a leagtar amach sa phlean oibre. Cuirfidh an Coimisiún bailchríoch ar a staidéar athbhreithnithe cuirfidh sé na torthaí agus, i gcás inarb iomchuí, dréachtghníomh tarmligthe faoi bhráid an Fhóraim Comhairliúcháin faoi cheann 36 mhí den meastachán arna ndéanamh ag an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i bpointe (a) nó (b) de mhír 6 á chomhlíonadh. Pléifidh an Fóram Comhairliúcháin an staidéar athbhreithnithe agus an meastachán.
|
|
Airteagal 11 8.
|
Nuair a dhéantar lipéad a thabhairt isteach nó a athscálú, áiritheoidh an Coimisiún nach mbeifear ag súil go mbeidh aon táirge in aicme fuinnimh A tráth a dtabharfar isteach an lipéad sa dóigh gur 10 mbliana ar a laghad an tréimhse a thógfaidh sé, mar a mheastar, gur laistigh den tréimhse sin a chuimseofar formhór na múnlaí san aicme sin.
|
|
Airteagal 11 9.
|
De mhaolú ar mhír 8, i gcás ina bhfuiltear ag súil le forbairt teicneolaíochta níos gasta, leagfar síos ceanglais ionas nach mbeifear ag súil go mbeidh táirgí in aicme fuinnimh A ná in aicme fuinnimh B tráth a dtabharfar an lipéad isteach.
|
|
Airteagal 11 10.
|
Más rud é nach ceadmhach, i gcás grúpa táirgí ar leith, aon mhúnlaí ar d'aicme E, d'aicme F nó d'aicme G iad a chur ar an margadh nó i seirbhís a thuilleadh de thoradh beart cur chun feidhme maidir le héicidhearthóireacht arna ghlacadh de bhun Threoir 2009/125/CE, léireofar le dath liath ar an lipéad an aicme nó na haicmí sin mar a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an lipéad le dath liath ar na haicmí ach amháin maidir le haonaid nua táirge a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís.
|
|
Airteagal 11 11.
|
I gcás ina mbeidh sé dodhéanta, ar chúiseanna teicniúla, seacht n-aicme fuinnimh a shainiú lena dtabharfaí coigilteas suntasach fuinnimh agus costais ó thaobh an chustaiméara de, féadfar níos lú aicmí a chuimsiú faoin lipéad, de mhaolú ar phointe (14) d'Airteagal 2. I gcásanna den sórt sin, déanfar an speictream dúghlas go dearg den lipéad a choinneáil.
|
|
Airteagal 11 12.
|
Feidhmeoidh an Coimisiún na cumhachtaí agus na hoibleagáidí a thugtar dó leis an Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagal 16.
|
|
Airteagal 11 13.
|
I gcás ina ndéanfar lipéad a athscálú de bhun mhír 1 nó mhír 3:
(a)
déanfaidh an soláthróir, agus táirge á gcur ar an margadh acu, na lipéid atá ann cheana agus na lipéid athscálaithe agus na bileoga faisnéise faoin táirge a chur ar fáil do dhéileálaithe go ceann tréimhse ag tosú ceithre mhí roimh an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den phointe seo, má éilíonn an lipéad atá ann cheana agus an lipéad athscálaithe go ndéanfar tástáil éagsúil ar an múnla, féadfaidh soláthróirí a roghnú gan an lipéad atá ann cheana a sholáthar le haonaid múnlaí a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís le linn na tréimhse cheithre mhí roimh an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint, mura ndearnadh aonaid ar cuid den mhúnla céanna nó de mhúnlaí coibhéiseacha iad a chur ar an margadh roimh thús na tréimhse ceithre mhí. Sa chás sin, ní tháirgfidh déileálaí na haonaid sin chun a ndíolta roimh an dáta sin. Déanfaidh an soláthróir fógra faoin iarmhairt sin a thabhairt don déileálaí lena mbaineann a luaithe is féidir, lena n-áirítear nuair a chuireann sé na haonaid sin san áireamh sna tairiscintí a dhéanann sé do dhéileálaithe.
(b)
déanfaidh an soláthróir, i gcás táirgí a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís roimh an tréimhse ceithre mhí, an lipéad athscálaithe a sheachadadh arna iarraidh sin don dhéileálaí i gcomhréir le hAirteagal 3(2) amhail ó thús na tréimhse sin. I gcás na dtáirgí sin, gheobhaidh an déileálaí lipéad athscálaithe i gcomhréir le hAirteagal 5(2).
De mhaolú ar an gcéad fhomhír den phointe seo:
(i)
déileálaí nach féidir leis lipéad athscálaithe a fháil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den phointe seo i gcás aonaid atá i stoc acu cheana, nach féidir leis lipéad athscálaithe a fháil toisc gur scoir an soláthróir dá ghníomhaíochtaí, ceadófar dóibh na haonaid sin a dhíol go heisiach leis an lipéad neamh-athscálaithe go dtí naoi mí tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint; nó
(ii)
má éilíonn an lipéad neamh athscálaithe agus an lipéad athscálaithe go ndéanfar tástáil éagsúil ar an múnla, díolmhófar an soláthróir ón gceanglas lipéad athscálaithe a sholáthar i gcás aonaid a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís roimh an tréimhse ceithre mhí, mura ndéantar aon aonaid ar cuid den mhúnla céanna nó de mhúnlaí coibhéiseacha iad a chur ar an margadh nó a chuirtear i seirbhís tar éis thús na tréimhse ceithre mhí. Sa chás sin, ceadófar don déileálaí na haonaid sin a dhíol go heisiach leis an lipéad neamh-athscálaithe go dtí naoi mí tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint.
(c)
déanfaidh an déileálaí, laistigh de 14 lá oibre tar éis an dáta a shonraítear sa ghníomh tarmligthe ábhartha maidir le tosú ar an lipéad athscálaithe a thaispeáint, déanfaidh siad na lipéid athscálaithe a chur in ionad na lipéad atá ann cheana ar tháirgí atá ar taispeáint, i siopaí agus ar líne. Ní dhéanfaidh an déileálaí na lipéid athscálaithe a chur ar taispeáint roimh an dáta sin.
De mhaolú ar phointe (a), (b) agus (c) den mhír seo, féadfar foráil, le gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 16(3), do rialacha sonracha le haghaidh lipéid clóite fuinnimh ar an bpacáistíocht.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.05.2021 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1369
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|