+Airteagal 4 An Grúpa Comhordaithe Gáis
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
|
Airteagal 4 An Grúpa Comhordaithe Gáis
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Bunófar Grúpa Comhordaithe Gáis (GCG) chun comhordú na mbeart a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis a éascú. Beidh GCG comhdhéanta d'ionadaithe ó na Ballstáit, go háirithe ionadaithe óna gcuid údarás inniúil, agus ón nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, (“an Ghníomhaireacht”), ó ENTSOG agus ó chomhlachtaí ionadaíochta an tionscail lena mbaineann agus ionadaithe de chuid custaiméirí ábhartha chomh maith. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis na Ballstáit, comhdhéanamh an Ghrúpa a chinneadh, agus áiritheofar go bhfuil sé ionadaíoch ina iomláine. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar GCG. Glacfaidh GCG a rialacha nós imeachta.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Rachfar i gcomhairle leis GCG agus tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún go háirithe maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
(a)
slándáil an tsoláthair gáis, aon tráth agus, go sonrach, i gcás éigeandála;
(b)
an fhaisnéis uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais;
(c)
na dea-chleachtais agus na treoirlínte a d'fhéadfadh a bheith ann do na páirtithe go léir lena mbaineann;
(d)
leibhéal shlándáil an tsoláthair gáis, tagarmharcálacha agus modheolaíochtaí don mheasúnú;
(e)
cásanna eiseamláireacha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais agus tástáil ar na leibhéil ullmhachta;
(f)
an measúnú ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála, comhleanúnachas i measc na bpleananna éagsúla, agus cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear iontu;
(g)
comhordú na mbeart le déileáil le héigeandáil Aontais, le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus le tríú tíortha eile;
(h)
an cúnamh a bhfuil gá ag na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh leis.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Tionólfaidh an Coimisiún GCG ar bhonn rialta agus comhroinnfidh sé an fhaisnéis a gheofar ó na húdaráis inniúla agus, ag an am céanna, rúndacht faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de á caomhnú.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Féadfaidh an Coimisiún GCG a thionól i bhfoirm a bheidh teoranta d'ionadaithe na mBallstát agus go háirithe ionadaithe a gcuid údarás inniúil, agus dóibh siúd amháin. Tionólfaidh an Coimisiún GCG san fhoirm theoranta sin má iarrann ionadaí amháin nó níos mó de na Ballstáit agus, go háirithe, dá gcuid údarás inniúil, amhlaidh. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 16(2).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|