|
+Airteagal 4 2. |
Airteagal 4 2.Rachfar i gcomhairle leis GCG agus tabharfaidh sé cúnamh don Choimisiún go háirithe maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
(a)
slándáil an tsoláthair gáis, aon tráth agus, go sonrach, i gcás éigeandála;
(b)
an fhaisnéis uile a bhaineann le slándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais;
(c)
na dea-chleachtais agus na treoirlínte a d'fhéadfadh a bheith ann do na páirtithe go léir lena mbaineann;
(d)
leibhéal shlándáil an tsoláthair gáis, tagarmharcálacha agus modheolaíochtaí don mheasúnú;
(e)
cásanna eiseamláireacha ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais agus tástáil ar na leibhéil ullmhachta;
(f)
an measúnú ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus na pleananna éigeandála, comhleanúnachas i measc na bpleananna éagsúla, agus cur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear iontu;
(g)
comhordú na mbeart le déileáil le héigeandáil Aontais, le Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus le tríú tíortha eile;
(h)
an cúnamh a bhfuil gá ag na Ballstáit is mó a ndéantar difear dóibh leis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|