|
+Airteagal 5 9. |
Airteagal 5 9.Mar eisceacht ar mhír 1 den Airteagal seo, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo, ní bheidh Lucsamburg, an tSlóivéin ná an tSualainn faoi cheangal ag an oibleagáid a leagtar amach sa mhír sin ach féachfaidh siad leis an oibleagáid sin a chomhlíonadh, agus na soláthairtí gáis do chustaiméi í atá faoi chosaint á n-áirithiú ag an am céanna i gcomhréir le hAirteagal 6. Beidh feidhm ag an eisceacht maidir le Lucsamburg ar choinníoll:
(a)
go bhfuil dhá idirnascaire ar a laghad aige le Ballstáit eile;
(b)
go bhfuil dhá fhoinse éagsúla soláthair gáis ar a laghad aige; agus
(c)
nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ar a chríoch aige. Beidh feidhm ag an eisceacht maidir leis an tSlóivéin ar choinníoll:
(a)
go bhfuil idirnascaire ar a laghad aici le Ballstáit eile;
(b)
go bhfuil dhá fhoinse éagsúla soláthair gáis ar a laghad aici; agus
(c)
nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ná saoráid GNL ar a críoch aici. Beidh feidhm ag an eisceacht maidir leis an tSualainn ar choinníoll:
(a)
nach bhfuil aon idirthuras gáis chuig Ballstáit eile ar a críoch aici;
(b)
go bhfuil olltomhaltas gáis intíre bliantúil aici atá níos lú ná 2 Mtoe; agus
(c)
go dtagann níos lú ná 5 % den tomhaltas fuinnimh phríomha iomlán ó ghás. Cuirfidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú a dhéanfaidh difear do na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo. Scoirfidh an eisceacht a leagtar síos sa mhír seo d'fheidhm a bheidh aici i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha sin a thuilleadh. Mar chuid den mheasúnú riosca náisiúnta a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(3), déanfaidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn cur síos ar an staid i ndáil leis na coinníollacha faoi seach a leagtar síos sa mhír seo agus ar chomhlíonadh ionchasach na hoibleagáide i mír 1 den Airteagal seo, agus aird á tabhairt ar an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leis an gcaighdeán bonneagair a chomhall, ar fhorbairt an mhargaidh gáis agus ar thionscadail bonneagar gáis sa ghrúpa riosca. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa mheasúnú riosca náisiúnta agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo á gcomhlíonadh fós, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir leis an eisceacht leanúint d'fheidhm a bheith aige ar feadh 4 bliana eile. I gcás ina ndéantar cinneadh dearfach, déanfar an nós imeachta a leagtar amach san fhomhír seo a chur i gcrích arís tar éis 4 bliana. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|