+Airteagal 5 An caighdeán bonneagair
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
---+Airteagal 5 8.
---+Airteagal 5 9.

Airteagal 5 An caighdeán bonneagair

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 5 1.
Áiritheoidh gach Ballstát nó, i gcás ina bhforálfaidh Ballstát amhlaidh, a údarás inniúil go ndéanfar na bearta is gá ionas go mbeidh, i gcás suaitheadh sa bhonneagar aonair gáis is mó, an acmhainn theicniúil a chuid eile den bhonneagar, arna chinneadh i gcomhréir le foirmle N – 1 a leagtar amach i bpointe 2 d'Iarscríbhinn II, in ann, gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, an t-éileamh iomlán ar ghás sa limistéar arna ríomh a shásamh lá atá éileamh ard urghnách ar ghás ann a bhíonn ann uair sa 20 bliain de réir dochúlacht staitistiúil. Déanfar é sin trí threochtaí tomhaltais gáis, an tionchar fadtéarmach ar bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus rátaí úsáide an bhonneagair atá ann faoi láthair a chur san áireamh.

Ní dochar an oibleagáid a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo d'fhreagracht na n-oibreoirí córas tarchurtha na hinfheistíochtaí comhfhreagracha a dhéanamh agus d'oibleagáidí na n-oibreoirí córais tarchurtha de réir mar a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus i dTreoir 2009/73/CE.

Airteagal 5 2.
Maidir leis an oibleagáid a áirithiú go bhfuil an acmhainn theicniúil ag an gcuid eile den bhonneagar an t-éileamh iomlán ar ghás a shásamh, dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, measfar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta freisin i gcás ina léireoidh an t-údarás inniúil, sa phlean um ghníomhaíocht choisctheach, go bhféadfar suaitheadh soláthair gáis a chúiteamh go leordhóthanach, go tráthúil, trí bhíthin bearta iomchuí margadhbhunaithe atá dírithe ar an éileamh. Chun na críche sin, déanfar foirmle N – 1 a ríomh mar a leagtar amach i bpointe 4 d'Iarscríbhinn II.
Airteagal 5 3.
I gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis na measúnuithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 7, féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát comharsanachta teacht ar chomhaontú an oibleagáid a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh, go comhpháirteach. I gcás den sórt sin, cuirfidh na húdaráis inniúla ríomh fhoirmle N – 1 ar fáil sa mheasúnú riosca mar aon le míniú sna caibidlí réigiúnacha de na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann na socruithe comhaontaithe an oibleagáid sin. Beidh feidhm ag pointe 5 d'Iarscríbhinn II.
Airteagal 5 4.

Cuirfidh oibreoirí córais tarchurtha faoi deara go mbeidh buanacmhainn fhisiceach ann chun gás a iompar sa dá threo (“acmhainn dhéthreoch”) ar na hidirnaisc go léir idir na Ballstáit, ach amháin:

(a) 

i gcás nasc le saoráidí táirgthe, le saoráidí GNL agus le gréasáin dáiliúcháin; nó

(b) 

i gcás inar tugadh díolúine ón oibleagáid sin, tar éis measúnú mionsonraithe a dhéanamh agus tar éis dul i gcomhairle le Ballstáit eile agus leis an gCoimisiún i gcomhréir le hIarscríbhinn III.

Chun go ndéanfaidh an nós imeachta acmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ar idirnasc nó chun díolúine a fháil ón oibleagáid sin nó a fhadú, beidh feidhm ag Iarscríbhinn III maidir leis. Déanfaidh an Coimisiún liosta na ndíolúintí a chur ar fáil don phobal agus a choimeád á nuashonrú.

Airteagal 5 5.

Beidh san áireamh i dtogra maidir le hacmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú nó in iarraidh ar dhíolúine a thabhairt nó a fhadú anailís costas agus sochar arna hullmhú ar bhonn na modheolaíochta de bhun Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus bunófar é ar na heilimintí seo a leanas:

(a) 

measúnú ar éileamh margaidh;

(b) 

ionchais le haghaidh éilimh agus soláthair;

(c) 

an tionchar eacnamaíoch a d'fhéadfadh a bheith ar an mbonneagar atá ann faoi láthair;

(d) 

staidéar féidearthachta;

(e) 

na costais a bhaineann leis an acmhainn dhéthreoch, lena n-áirítear an t-athneartú is gá a dhéanamh ar an gcóras tarchurtha; agus

(f) 

na sochair do shlándáil an tsoláthair gáis, agus an méid a d'fhéadfadh acmhainn dhéthreoch a bheith ina cuidiú agus an caighdeán bonneagair a leagtar amach san Airteagal seo á chomhlíonadh á gcur san áireamh.

Airteagal 5 6.
Cuirfidh na húdaráis rialála náisiúnta na costais a thabhaítear go héifeachtúil san áireamh, costais a bhaineann le comhlíonadh na hoibleagáide a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo agus na costais a bhaineann le hacmhainn dhéthreoch a chumasú ionas go ndeonófar dreasachtaí iomchuí agus na taraifí nó na modheolaíochtaí á socrú nó á bhformheas, ar shlí thrédhearcach mhionsonraithe, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 agus le hAirteagal 41(8) de Threoir 2009/73/CE.
Airteagal 5 7.
A mhéid nach mbeidh infheistíocht de dhíth ón margadh chun acmhainn dhéthreoch a chumasú nó a fheabhsú ach a mheasfar go bhfuil sí riachtanach chun críocha shlándáil an tsoláthair gáis agus i gcás ina dtabhófar costais leis an infheistíocht sin i níos mó ná Ballstát amháin nó i mBallstát amháin chun tairbhe do Bhallstát eile, déanfaidh údaráis rialála náisiúnta na mBallstát go léir lena mbaineann cinneadh comhordaithe maidir le leithdháileadh na gcostas sula ndéanfar aon chinneadh infheistíochta. Le leithdháileadh na gcostas, cuirfear san áireamh na prionsabail a thuairiscítear agus na heilimintí atá in Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) Uimh. 347/2013, go háirithe an cion de thairbhí ó na hinfheistíochtaí bonneagair chun slándáil an tsoláthair gáis a mhéadú do na Ballstáit lena mbaineann, chomh maith le hinfheistíochtaí a rinneadh céanna sa bhonneagar atá i gceist. Le leithdháileadh na gcostas, ní dhéanfar saobhadh míchuí ar iomaíocht ná ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh inmheánaigh agus féachfar le haon éifeacht saofa mhíchuí ar an margadh a sheachaint.
Airteagal 5 8.
Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuideoidh aon bhonneagar tarchurtha nua le slándáil an tsoláthair gáis trí ghréasán dea-nasctha a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí bhíthin líon leordhóthanach pointí iontrála agus pointí fágála trasteorann a bheith ann i gcoibhneas le héileamh an mhargaidh agus na rioscaí a shainaithneofar.

Mar chuid den mheasúnú riosca, déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas, agus idirnascadh na gcóras gáis agus leictreachais á gcur san áireamh acu, an bhfuil tranglaim inmheánacha ann agus an mbeidh an acmhainn iontrála náisiúnta agus na bonneagair, go háirithe gréasáin tarchurtha, in ann na sreafaí gáis náisiúnta agus trasteorann a oiriúnú don chás eiseamláireacha ina dtarlódh suaitheadh sa bhonneagar gáis is mó ar an leibhéal náisiúnta agus sa bhonneagar gáis comhleasa is mó don ghrúpa riosca, de réir mar a shainaithneofar sa mheasúnú riosca iad.

Airteagal 5 9.
Mar eisceacht ar mhír 1 den Airteagal seo, agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo, ní bheidh Lucsamburg, an tSlóivéin ná an tSualainn faoi cheangal ag an oibleagáid a leagtar amach sa mhír sin ach féachfaidh siad leis an oibleagáid sin a chomhlíonadh, agus na soláthairtí gáis do chustaiméi í atá faoi chosaint á n-áirithiú ag an am céanna i gcomhréir le hAirteagal 6.

Beidh feidhm ag an eisceacht maidir le Lucsamburg ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil dhá idirnascaire ar a laghad aige le Ballstáit eile;

(b) 

go bhfuil dhá fhoinse éagsúla soláthair gáis ar a laghad aige; agus

(c) 

nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ar a chríoch aige.

Beidh feidhm ag an eisceacht maidir leis an tSlóivéin ar choinníoll:

(a) 

go bhfuil idirnascaire ar a laghad aici le Ballstáit eile;

(b) 

go bhfuil dhá fhoinse éagsúla soláthair gáis ar a laghad aici; agus

(c) 

nach bhfuil aon saoráidí stórála gáis ná saoráid GNL ar a críoch aici.

Beidh feidhm ag an eisceacht maidir leis an tSualainn ar choinníoll:

(a) 

nach bhfuil aon idirthuras gáis chuig Ballstáit eile ar a críoch aici;

(b) 

go bhfuil olltomhaltas gáis intíre bliantúil aici atá níos lú ná 2 Mtoe; agus

(c) 

go dtagann níos lú ná 5 % den tomhaltas fuinnimh phríomha iomlán ó ghás.

Cuirfidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn an Coimisiún ar an eolas faoi aon athrú a dhéanfaidh difear do na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo. Scoirfidh an eisceacht a leagtar síos sa mhír seo d'fheidhm a bheidh aici i gcás nach gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha sin a thuilleadh.

Mar chuid den mheasúnú riosca náisiúnta a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 7(3), déanfaidh Lucsamburg, an tSlóivéin agus an tSualainn cur síos ar an staid i ndáil leis na coinníollacha faoi seach a leagtar síos sa mhír seo agus ar chomhlíonadh ionchasach na hoibleagáide i mír 1 den Airteagal seo, agus aird á tabhairt ar an tionchar eacnamaíoch a ghabhann leis an gcaighdeán bonneagair a chomhall, ar fhorbairt an mhargaidh gáis agus ar thionscadail bonneagar gáis sa ghrúpa riosca. Ar bhonn na faisnéise a sholáthraítear sa mheasúnú riosca náisiúnta agus i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar síos sa mhír seo á gcomhlíonadh fós, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh gur féidir leis an eisceacht leanúint d'fheidhm a bheith aige ar feadh 4 bliana eile. I gcás ina ndéantar cinneadh dearfach, déanfar an nós imeachta a leagtar amach san fhomhír seo a chur i gcrích arís tar éis 4 bliana.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.