+Airteagal 10 Inneachar na bpleananna éigeandála
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
|
Airteagal 10 Inneachar na bpleananna éigeandála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Déanfaidh an plean éigeandála:
(a)
forbairt ar na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
(b)
ról agus freagrachtaí na ngnóthas gáis nádúrtha, na n-oibreoirí córais tarchurtha don leictreachas, más ábhartha, agus na gcustaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí leictreachais ábhartha, a shainiú agus a mhéid a chuireann suaitheadh an tsoláthair gáis isteach orthu á chur san áireamh, mar aon leis an idirghníomhú leis na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb iomchuí, leis na húdaráis rialála náisiúnta ag gach ceann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
(c)
ról agus freagrachtaí na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí eile a ndearnadh cúraimí a tharmligean chucu, dá dtagraítear in Airteagal 3(2), a shainiú ar gach ceann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
(d)
a áirithiú go dtabharfar deis leordhóthanach do ghnóthais gáis nádúrtha agus do chustaiméirí gáis tionsclaíoch, lena n-áirítear táirgeoirí ábhartha leictreachais, freagairt a thabhairt ar na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1);
(e)
i gcás inarb iomchuí, na bearta agus na gníomhaíochtaí a shainaithint a bheidh le déanamh chun maolú a dhéanamh ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag suaitheadh an tsoláthair gáis ar théamh ceantair agus ar an soláthar gáis leictreachais a ghintear ó ghás, lena n-airítear trí bhreathnú ar bhealach comhtháite ar oibríochtaí na gcóras fuinnimh, idir leictreachas agus ghás, más ábhartha;
(f)
nósanna imeachta mionsonraithe agus bearta mionsonraithe a bhunú a bheidh le leanúint i gcás na leibhéal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1), lena n-áirítear na scéimeanna comhfhreagracha maidir le sreafaí faisnéise;
(g)
bainisteoir géarchéime a ainmniú agus a ról a shainiú;
(h)
rannchuidiú na mbeart margadhbhunaithe a shainaithint chun déileáil leis an staid ar an leibhéal foláirimh agus chun an staid a mhaolú ar an leibhéal éigeandála;
(i)
rannchuidiú na mbeart nach bhfuil margadhbhunaithe agus atá beartaithe le bheith curtha chun feidhme nó a chuirfear chun feidhme ar an leibhéal éigeandála a shainaithint, agus measúnú a dhéanamh ar an méid is gá na bearta nach bhfuil margadhbhunaithe sin a úsáid chun dul i ngleic le géarchéim. Déanfar measúnú ar éifeachtaí na mbeart nach bhfuil margadhbhunaithe agus déanfar nósanna imeachta lena gcur chun feidhme a shainiú. Ní úsáidfear bearta nach bhfuil margadhbhunaithe ach amháin nuair nach féidir le sásraí margadhbhunaithe amháin soláthairtí a áirithiú a thuilleadh, go háirithe soláthairtí do chustaiméirí faoi chosaint, nó chun Airteagal 13 a chur i bhfeidhm;
(j)
tuairisc a thabhairt ar na sásraí a úsáidtear le haghaidh comhar le Ballstáit eile le haghaidh na leibhéal géarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1) agus ar shocruithe maidir le malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla;
(k)
na hoibleagáidí tuairiscithe a fhorchuirtear ar na gnóthais gáis nádúrtha agus, i gcás inarb iomchuí, ar na gnóthais leictreachais ar an leibhéal foláirimh agus ar an leibhéal éigeandála a mhionsonrú;
(l)
tuairisc a thabhairt ar na socruithe teicniúla nó dlíthiúla atá i bhfeidhm chun tomhaltas míchuí gáis na gcustaiméirí atá nasctha le gréasán dáileacháin nó tarchurtha gáis ach nach custaiméirí atá faoi chosaint iad a chosc;
(m)
tuairisc a thabhairt ar na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais atá i bhfeidhm chun na hoibleagáidí dlúpháirtíochta a leagtar síos in Airteagal 13 a chur i bhfeidhm;
(n)
meastachán a thabhairt ar na toirteanna gáis a d'fhéadfadh custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht a thomhailt a chumhdóidh ar a laghad na cásanna a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 6(1);
(o)
liosta a bhunú de ghníomhaíochtaí réamhshainithe chun go mbeidh gás ar fáil i gcás éigeandála, lena n-áirítear comhaontuithe tráchtála idir na páirtithe a mbeidh baint acu le gníomhaíochtaí den sórt sin agus na sásraí cúitimh do ghnóthais gáis nádúrtha i gcás inarb iomchuí sin, agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht faisnéise íogaire. D'fhéadfadh comhaontuithe trasteorann idir Ballstáit agus/nó gnóthais gáis nádúrtha a bheith i gceist le gníomhaíochtaí den sórt sin.
D'fhonn tomhaltas míchuí gáis a sheachaint le linn éigeandála, dá dtagraítear i bpointe (l) den chéad fhomhír, nó le linn chur i bhfeidhm na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 11(3) agus in Airteagal 13, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann in iúl do na custaiméirí sin nach bhfuil faoi chosaint iad go gceanglaítear orthu cor dá dtomhaltas gáis nó é a laghdú gan staideanna a bheadh neamhshábháilte go teicniúil a chruthú.
|
|
Airteagal 10 2.
|
Déanfar an plean éigeandála a nuashonrú gach 4 bliana tar éis an 1 Márta 2019 nó níos minice más gá sin a dhéanamh de bharr na n-imthosca nó arna iarraidh sin don Choimisiún. Léireofar sa phlean nuashonraithe an measúnú riosca nuashonraithe agus torthaí na dtastálacha a rinneadh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo. Beidh feidhm ag Airteagal 8(4) go (11) den Airteagal seo maidir leis an bplean nuashonraithe.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Na bearta, na gníomhaíochtaí agus na nósanna imeachta a bheidh sa phlean éigeandála, déanfar iad a thástáil uair amháin ar a laghad idir na nuashonruithe a dhéanfar gach 4 bliana dá dtagraítear i mír 2. Chun an plean éigeandála a thástáil, déanfaidh an t-údarás inniúil cásanna eiseamláireacha mórthionchair agus meántionchair agus freagairtí a ionsamhlú de réir fíor-ama i gcomhréir leis an bplean éigeandála sin. Cuirfidh an t-údarás inniúil torthaí na dtástálacha faoi bhráid GCG.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Áiritheoidh an plean éigeandála go ndéanfar an rochtain trasteorann ar bhonneagar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 a choimeád ar bun a mhéid is féidir go teicniúil agus go sábháilte i gcás éigeandála agus ní chuirfidh sé aon bheart i bhfeidhm a chuirfeadh bac míchuí ar an sreabhadh gáis trasna teorainneacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|