+Airteagal 13 8.

Airteagal 13 8.

Soláthrófar an dlúthpháirtíocht faoin Rialachán seo ar bhonn cúitimh. Íocfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht go pras, nó áiritheoidh sé go n-íocfar go pras, cúiteamh cóir leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht.

I gcás inar tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá de bhun mhír 10 (comhaontú dlúthpháirtíochta), cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad leis an gcúiteamh cóir sin:

▼B

(a) 

an gás a sheachadtar chuig críoch an Bhallstáit iarrthaigh;

(b) 

gach costas ábhartha agus réasúnta eile a thabhaítear agus an dlúthpháirtíocht á soláthar, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, costais na mbeart sin, a d'fhéadfadh a bheith bunaithe roimh ré;

(c) 

aisíocaíocht ar aon chúiteamh a eascraíonn as imeachtaí breithiúnacha, imeachtaí eadrána, nó imeachtaí agus socraíochtaí comhchosúla agus costais ghaolmhara —imeachtaí den sórt sin lena bhfuil baint ag an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht i leith eintitis a bhfuil baint acu le soláthar dlúthpháirtíocht den sórt sin.

San áireamh leis an gcúiteamh cóir de bhun na chéad fhomhíre agus an dara fomhír, beidh, inter alia, na costais réasúnta uile a thabhaíonn an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht ón oibleagáid chun cúiteamh a íoc de bhua na gceart bunúsach a ráthaítear le dlí an Aontais agus de bhua na n-oibleagáidí idirnáisiúnta infheidhme agus an tAirteagal seo á chur chun feidhme, mar aon le costais bhreise réasúnta a thabhaítear agus cúiteamh á íoc de bhun na rialacha náisiúnta cúitimh.

Glacfaidh na mBallstáit na bearta is gá, go háirithe na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais de bhun mhír 10, chun an chéad, an dara agus an tríú fomhír den mhír seo a chur chun feidhme. Le bearta den sórt sin, féadfar foráil a dhéanamh do na socruithe praiticiúla maidir le híocaíocht phras.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.