+Airteagal 13 8a.

Airteagal 13 8a.

I gcás nár tháinig dhá Bhallstát ar chomhaontú maidir leis na socruithe teicniúla, dlíthiúla agus airgeadais is gá de bhun mhír 10 trí bhíthin comhaontú dlúthpháirtíochta, beidh an seachadadh gáis de bhun na hoibleagáide a leagtar síos i mír 1 i gcás éigeandála faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa mhír seo.

Ní rachaidh an cúiteamh as an mbeart dlúthpháirtíochta thar chostais réasúnacha. Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht a mhalairt, beidh an méid seo a leanas san áireamh sa chúiteamh:

(a) 

an praghas ar ghás sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht;

(b) 

na costais stórála agus iompair;

(c) 

costais dlíthíochta le haghaidh imeachtaí breithiúnacha nó eadrána gaolmhara ina bhfuil an Ballstát a sholáthraíonn dlúthpháirtíocht páirteach;

(d) 

costais indíreacha eile nach gcumhdaítear leis an bpraghas ar ghás, cosúil le haisíocaíocht damáistí airgeadais nó damáistí eile a eascraíonn as sceitheadh éigeantach ualaigh dhocht custaiméirí a bhaineann le soláthar dlúthpháirtíochta.

Mura gcomhaontóidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht agus an Ballstát atá ag soláthar na dlúthpháirtíochta ar phraghas eile, beidh praghas an gháis a sholáthraítear don Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ag freagairt do phraghas an mhargaidh lá roimh ré sa Bhallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht nó an praghas margaidh lá roimh ré comhfhreagrach ag an malartú is gaire inrochtana, ag an bpointe trádála fíorúil malairte inrochtana is gaire, nó ag mol comhaontaithe an lá roimh an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht. Cúiteamh ar na toirteanna gáis a sheachadtar i gcomhthéacs iarrata dlúthpháirtíochta, déanfaidh an Ballstát a iarrann an dlúthpháirtíocht é a íoc go díreach leis an mBallstát a sholáthraíonn an dlúthpháirtíocht nó leis an eintiteas a shonraíonn an dá Bhallstát ina bhfreagra ar an iarraidh ar dhlúthpháirtíocht agus an dearbhú maidir leis an bhfáltas agus leis an toirt atá le glacadh.

Déanfaidh an Ballstát a bhfuil an iarraidh ar bheart dlúthpháirtíochta dírithe air an beart dlúthpháirtíochta a sholáthar a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná an t-am seachadta a sonraíodh don iarraidh. Féadfaidh Ballstát diúltú dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstát a iarrann an dlúthpháirtíocht ar choinníoll go léiríonn an Ballstát a ndéantar an iarraidh air an méid seo a leanas:

(a) 

nach bhfuil dóthain gáis aige i gcomhair na dtoirteanna atá le soláthar do na custaiméirí atá faoi chosaint leis an dlúthpháirtíocht; nó

(b) 

nach bhfuil acmhainn idirnaisc leordhóthanach ar fáil aige, mar a leagtar amach in Airteagal 13(7), nó go bhfuil sreafaí gáis srianta trí thríú tír.

Beidh diúltú den sórt sin teoranta go docht do na toirteanna gáis a ndéanann ceann amháin nó an dá cheann de na srianta dá dtagraítear sa cheathrú fomhír difear dóibh.

Sa bhreis ar na rialacha réamhshocraithe dá bhforáiltear sa mhír seo, féadfaidh na Ballstáit socruithe teicniúla agus an comhordú ar sholáthar na dlúthpháirtíochta a chomhaontú. Beidh an mhír seo gan dochar do shocruithe atá ann cheana maidir le hoibriú sábháilte iontaofa an chórais gáis.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.