+Airteagal 14 Malartú faisnéise
---+Airteagal 14 1.
---+Airteagal 14 2.
---+Airteagal 14 3.
---+Airteagal 14 4.
---+Airteagal 14 5.
---+Airteagal 14 6.
---+Airteagal 14 7.
---+Airteagal 14 8.
---+Airteagal 14 9.
---+Airteagal 14 10.
---+Airteagal 14 11.
---+Airteagal 14 12.

Airteagal 14 Malartú faisnéise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 14 1.

I gcás inar fhógair Ballstát aon cheann de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1), déanfaidh na gnóthais gáis nádúrtha lena mbaineann an fhaisnéis seo a leanas go háirithe a chur ar fáil d'údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann ar bhonn laethúil:

(a) 

réamhaisnéisí do na 3 lá ina dhiaidh sin faoin soláthar laethúil gáis agus faoin éileamh laethúil gáis i milliún méadair chiúbacha in aghaidh an lae (mmc/d);

(b) 

an sreabhadh laethúil gáis ag na pointí iontrála agus fágála trasteorann go léir agus, chomh maith leis sin, ag na pointí go léir a nascann saoráid táirgthe, saoráid stórála nó críochfort GNL leis an ngréasán, i milliún méadair chiúbacha in aghaidh an lae (mmc/d);

(c) 

an tréimhse, arna sloinneadh i laethanta, ar lena linn atáthar ag súil gur féidir an soláthar gáis sin a áirithiú do na custaiméirí atá faoi chosaint.

Airteagal 14 2.

I gcás éigeandáil réigiúnach nó éigeandáil Aontais, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1 an méid seo a leanas ar a laghad a sholáthar dó gan mhoill:

(a) 

an fhaisnéis a leagtar amach i mír 1;

(b) 

faisnéis faoi na bearta a bheartaítear a dhéanamh agus faoi na bearta sin atá curtha chun feidhme cheana féin ag an údarás inniúil chun an éigeandáil a mhaolú, agus faisnéis faoi éifeachtacht na mbeart sin;

(c) 

na hiarrataí atá déanta ar bhearta breise a bheidh le déanamh ag údaráis inniúla eile;

(d) 

na bearta atá curtha chun feidhme arna iarraidh sin d'údaráis inniúla eile.

Airteagal 14 3.
►M3  Tar éis éigeandála, déanfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 1, a luaithe is féidir agus, ar a dhéanaí, 6 seachtaine tar éis deireadh a bheith curtha leis an éigeandáil, measúnú mionsonraithe a sholáthar don Choimisiún gan mhoill ar an éigeandáil agus ar éifeachtacht na mbeart a cuireadh chun feidhme, lena n-áirítear measúnú ar an tionchar eacnamaíoch a bhí ag an éigeandáil, ar an tionchar ar earnáil an leictreachais agus ar an gcúnamh a soláthraíodh don Aontas agus dá Bhallstát nó a fuarthas uathu. I gcás inarb ábhartha, cuimseofar leis an measúnú sin tuairisc mhionsonraithe ar na tosca arbh iad ba chúis leis an sásra dá dtagraítear in Airteagal 13 a ghníomhachtú agus na coinníollacha faoina bhfuarthas na soláthairtí gáis a bhí in easnamh, lena n-áirítear an praghas agus an cúiteamh airgeadais a íocadh agus, i gás inarb ábhartha, na cúiseanna nár glacadh le tairiscintí dlúthpháirtíochta nó nach ndearnadh gás a sholáthar. Cuirfear an measúnú sin ar fáil do GCG agus léireofar é sna nuashonruithe ar na pleananna um ghníomhaíocht choisctheach agus ar na pleananna éigeandála. ◄

Déanfaidh an Coimisiún anailís ar mheasúnuithe na n-údarás inniúla agus cuirfidh sé na Ballstáit, Parlaimint na hEorpa agus GCG ar an eolas maidir le torthaí a anailíse i bhfoirm chomhiomlán.

Airteagal 14 4.
I gcúinsí a mbeidh údar cuí leo d'ainneoin éigeandáil a bheith fógartha, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó ceangal a chur ar ghnóthais gáis nadúrtha an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil nó an fhaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar staid ghinearálta an tsoláthair gáis sa Bhallstát nó i mBallstáit eile, lena n-áirítear faisnéis chonarthach, seachas faisnéis faoi na praghsanna. Féadfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthraíonn gnóthais gáis nádúrtha faoin mír seo a iarraidh ó na húdaráis inniúla, ar choinníoll nár tarchuireadh an fhaisnéis chéanna chuig an gCoimisiún cheana.
Airteagal 14 5.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an soláthar gáis san Aontas ina iomláine nó i gcuid den Aontas i mbaol nó gur dócha go mbeidh an soláthar sin i mbaol sa chaoi is go bhféadfadh sé, mar thoradh ar an mbaol sin, go bhfógrófaí ceann amháin de na leibhéil ghéarchéime dá dtagraítear in Airteagal 11(1), féadfaidh sé ceangal a chur ar na húdaráis inniúla lena mbaineann an fhaisnéis is gá a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun measúnú a dhéanamh ar staid an tsoláthair gáis. Déanfaidh an Coimisiún an measúnú sin a roinnt le GCG.
Airteagal 14 6.

Le gur féidir leis na húdaráis inniúla agus an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar shlándáil staid an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, déanfaidh gach gnóthas gáis nádúrtha fógra a thabhairt:

(a) 

don údarás inniúil lena mbaineann faoi na sonraíochtaí seo a leanas maidir le conarthaí soláthair gáis a bhfuil gné trasteorann acu agus a mhaireann níos faide ná bliain amháin, ar conarthaí iad a thug sé i gcrích chun gás a fháil:

(i) 

fad an chonartha;

(ii) 

toirteanna bliantúla conarthaithe;

(iii) 

toirteanna conraithe laethúla uasta i gcás práinne nó éigeandála;

(iv) 

pointí seachadta conraithe;

(v) 

toirteanna íosta laethúla agus míosúla gáis;

(vi) 

coinníollacha is gá chun seachadtaí gáis a chur ar fionraí;

(vii) 

léiriú i dtaobh an ionann an conradh, ar bhonn aonair nó i dteannta a chuid conarthaí leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, agus an tairseach de 28 % dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 6 sa Bhallstát is mó a ndéantar difear dó, nó an níos mó ná an tairseach sin é;

(b) 

d'údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó, go díreach tar éis iad a thabhairt i gcrích nó a mhodhnú, faoina chonarthaí soláthair gáis ar faide a ré ná aon bhliain, arna dtabhairt i gcrích nó arna modhnú an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, arb ionann iad, ar bhonn aonair nó i dteannta a gcuid conarthaí leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, agus 28 % nó níos mó den tomhaltas bliantúil gáis sa Bhallstát sin, a ríomhfar ar bhonn na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil. Lena chois sin, faoin 2 Samhain 2018, tabharfaidh gnóthais gáis nádúrtha fógra don údarás inniúil faoi gach conradh atá ann cheana lena bhfuil na coinníollacha céanna á gcomhlíonadh. Ní chumhdófar faisnéis faoi na praghsanna leis an oibleagáid fógra a thabhairt agus ní bheidh feidhm aici maidir leis na modhnuithe a mbeidh baint acu le praghas an gháis amháin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le gach comhaontú tráchtála atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích seachas faisnéis faoi na praghsanna;

▼M5

(c) 

don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoin bhfaisnéis seo a leanas a bhaineann le conarthaí soláthair gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise:

(i) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

(ii) 

faisnéis faoi na cainníochtaí atá le soláthar agus le tógáil, lena n-áirítear solúbthacht fhéideartha faoi fhorálacha lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta nó forálacha lena ngabhann dearbhoibleagáid seachadta;

(iii) 

sceidil seachadta (GNL) nó ainmniúcháin (gás píblíne);

(iv) 

solúbthacht chonarthach fhéideartha a bhaineann leis na cainníochtaí bliantúla ar conradh, lena n-áirítear cainníochtaí chun an difríocht a dhéanamh suas;

(v) 

coinníollacha le haghaidh seachadtaí gáis a chur ar fionraí nó deireadh a chur leo, lena n-áirítear forálacha force majeure;

(vi) 

faisnéis faoi cén dlí a rialaíonn an conradh agus cén sásra eadrána a roghnaíodh;

(vii) 

príomhghnéithe aon chomhaontuithe tráchtála eile atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích, seachas faisnéis faoin bpraghas.

▼B

Déanfaidh an t-údarás inniúil na sonraí a liostaítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a chur in iúl don Choimisiún i bhfoirm anaithnid. I gcás ina dtabharfar conarthaí nua i gcrích nó ina ndéanfar athruithe ar chonarthaí atá ann cheana, déanfar an tsraith iomlán sonraí a chur in iúl don Choimisiún faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair na bliana ábhartha. I gcás ina mbeidh amhras ar an údarás inniúil i dtaobh an gcuireann conradh ar leith a fuarthas faoi phointe (b) den chéad fhomhír slándáil an tsoláthair gáis i mBallstát nó i réigiún i mbaol, tabharfaidh sé fógra faoin gconradh don Choimisiún.

Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír tráth nach déanaí ná an 4 Márta 2026 agus maidir le gach conradh i gcodanna níos lú, lena n-áirítear na codanna ábhartha téacs ina n-iomláine, seachas faisnéis faoin bpraghas, go háirithe i gcás ina bhfuil eolas iomlán ar fhoirmliú na bhforálacha conarthacha ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair gáis nó i gcás ina bhfuil baint ag forálacha conarthacha ar leith lena chéile.

Soláthróidh soláthraithe seirbhísí críochfoirt GNL faisnéis don Choimisiún a bhaineann le seirbhísí arna gcur in áirithe ag custaiméirí ó Chónaidhm na Rúise nó ag custaiméirí faoi rialú gnóthas ó Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear seirbhísí ar conradh, na cainníochtaí atá i gceist agus fad an chonartha.

Airteagal 14 7.
In imthosca a mbeidh údar cuí leo de réir an ghá trédhearcacht príomhchonarthaí soláthair gáis a ráthú, ar conarthaí iad a bheidh ábhartha do shlándáil an tsoláthair gáis, agus i gcás ina measfaidh údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó nó an Coimisiún go bhféadfar, le conradh soláthair gáis, slándáil soláthair gáis Ballstáit, réigiúin nó an Aontais a chur i mbaol, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit nó an Coimisiún a iarraidh ar an ngnóthas gáis nádúrtha an conradh a chur ar fáil, seachas faisnéis faoi na praghsanna, le gur féidir measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh aige ar shlándáil an tsoláthair gáis. Beidh an iarraidh réasúnaithe agus féadfar a chumhdach leis an iarraidh freisin mionsonraí faoi aon chomhaontuithe tráchtála eile atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích, seachas faisnéis faoi na praghsanna. San údar a thabharfar, áireofar comhréireacht an ualaigh riaracháin lena mbaineann.
Airteagal 14 8.
Na húdaráis inniúla a gheobhaidh faisnéis ar bhonn phointe (b) de mhír 6 nó ar bhonn mhír 7 den Airteagal seo, déanfaidh siad measúnú, laistigh de 3 mhí, ar an bhfaisnéis a gheobhaidh siad chun críocha shlándáil an tsoláthair gáis agus tarchuirfidh siad torthaí a measúnaithe chuig an gCoimisiún.
Airteagal 14 9.
Déanfaidh an t-údarás inniúil an fhaisnéis a gheofar faoin Airteagal seo a chur san áireamh agus an measúnú riosca, an plean um ghníomhaíocht choisctheach agus an plean éigeandála nó na nuashonruithe a ghabhfaidh leo á n-ullmhú. Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh lena molfar don údarás inniúil na measúnuithe riosca nó na pleananna a leasú ar bhonn na faisnéise a gheofar faoin Airteagal seo. Déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann athbhreithniú ar an measúnú riosca agus ar na pleananna a bhaineann leis an iarraidh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8(9).
Airteagal 14 10.
Faoin 2 Bealtaine 2019, déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe a dhéanann gnóthais gáis nádúrtha ar mhír 6 nó mír 7 den Airteagal seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Airteagal 14 11.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallóidh “an Ballstát is mó a ndéantar difear dó” an Ballstát a bhfuil an chuid is mó de dhíolacháin gháis nó de chustaiméirí de chuid páirtí conarthach de chonradh fadtéarmach áirithe suite ann.
Airteagal 14 12.
Conarthaí nó faisnéis chonarthach a fhaightear ar bhonn mhír 6 agus mhír 7, mar aon leis na measúnuithe faoi seach a dhéanann na húdaráis inniúla nó an Coimisiún, fanfaidh siad uile faoi rún. Déanfaidh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún rúndacht iomlán a áirithiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.