+Airteagal 14 6.

Airteagal 14 6.

Le gur féidir leis na húdaráis inniúla agus an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar shlándáil staid an tsoláthair gáis ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal an Aontais, déanfaidh gach gnóthas gáis nádúrtha fógra a thabhairt:

(a) 

don údarás inniúil lena mbaineann faoi na sonraíochtaí seo a leanas maidir le conarthaí soláthair gáis a bhfuil gné trasteorann acu agus a mhaireann níos faide ná bliain amháin, ar conarthaí iad a thug sé i gcrích chun gás a fháil:

(i) 

fad an chonartha;

(ii) 

toirteanna bliantúla conarthaithe;

(iii) 

toirteanna conraithe laethúla uasta i gcás práinne nó éigeandála;

(iv) 

pointí seachadta conraithe;

(v) 

toirteanna íosta laethúla agus míosúla gáis;

(vi) 

coinníollacha is gá chun seachadtaí gáis a chur ar fionraí;

(vii) 

léiriú i dtaobh an ionann an conradh, ar bhonn aonair nó i dteannta a chuid conarthaí leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, agus an tairseach de 28 % dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 6 sa Bhallstát is mó a ndéantar difear dó, nó an níos mó ná an tairseach sin é;

(b) 

d'údarás inniúil an Bhallstáit is mó a ndéantar difear dó, go díreach tar éis iad a thabhairt i gcrích nó a mhodhnú, faoina chonarthaí soláthair gáis ar faide a ré ná aon bhliain, arna dtabhairt i gcrích nó arna modhnú an 1 Samhain 2017 nó ina dhiaidh sin, arb ionann iad, ar bhonn aonair nó i dteannta a gcuid conarthaí leis an soláthróir céanna nó lena chleamhnaithe, agus 28 % nó níos mó den tomhaltas bliantúil gáis sa Bhallstát sin, a ríomhfar ar bhonn na sonraí is déanaí a bheidh ar fáil. Lena chois sin, faoin 2 Samhain 2018, tabharfaidh gnóthais gáis nádúrtha fógra don údarás inniúil faoi gach conradh atá ann cheana lena bhfuil na coinníollacha céanna á gcomhlíonadh. Ní chumhdófar faisnéis faoi na praghsanna leis an oibleagáid fógra a thabhairt agus ní bheidh feidhm aici maidir leis na modhnuithe a mbeidh baint acu le praghas an gháis amháin. Ina theannta sin, beidh feidhm ag an oibleagáid fógra a thabhairt maidir le gach comhaontú tráchtála atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích seachas faisnéis faoi na praghsanna;

▼M5

(c) 

don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla lena mbaineann faoin bhfaisnéis seo a leanas a bhaineann le conarthaí soláthair gáis de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó a onnmhairítear, go díreach nó go hindíreach, ó Chónaidhm na Rúise:

(i) 

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2026/261 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 );

(ii) 

faisnéis faoi na cainníochtaí atá le soláthar agus le tógáil, lena n-áirítear solúbthacht fhéideartha faoi fhorálacha lena ngabhann dearbhoibleagáid íocaíochta nó forálacha lena ngabhann dearbhoibleagáid seachadta;

(iii) 

sceidil seachadta (GNL) nó ainmniúcháin (gás píblíne);

(iv) 

solúbthacht chonarthach fhéideartha a bhaineann leis na cainníochtaí bliantúla ar conradh, lena n-áirítear cainníochtaí chun an difríocht a dhéanamh suas;

(v) 

coinníollacha le haghaidh seachadtaí gáis a chur ar fionraí nó deireadh a chur leo, lena n-áirítear forálacha force majeure;

(vi) 

faisnéis faoi cén dlí a rialaíonn an conradh agus cén sásra eadrána a roghnaíodh;

(vii) 

príomhghnéithe aon chomhaontuithe tráchtála eile atá ábhartha chun an conradh soláthair gáis a chur i gcrích, seachas faisnéis faoin bpraghas.

▼B

Déanfaidh an t-údarás inniúil na sonraí a liostaítear i bpointe (a) den chéad fhomhír a chur in iúl don Choimisiún i bhfoirm anaithnid. I gcás ina dtabharfar conarthaí nua i gcrích nó ina ndéanfar athruithe ar chonarthaí atá ann cheana, déanfar an tsraith iomlán sonraí a chur in iúl don Choimisiún faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair na bliana ábhartha. I gcás ina mbeidh amhras ar an údarás inniúil i dtaobh an gcuireann conradh ar leith a fuarthas faoi phointe (b) den chéad fhomhír slándáil an tsoláthair gáis i mBallstát nó i réigiún i mbaol, tabharfaidh sé fógra faoin gconradh don Choimisiún.

Soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír tráth nach déanaí ná an 4 Márta 2026 agus maidir le gach conradh i gcodanna níos lú, lena n-áirítear na codanna ábhartha téacs ina n-iomláine, seachas faisnéis faoin bpraghas, go háirithe i gcás ina bhfuil eolas iomlán ar fhoirmliú na bhforálacha conarthacha ríthábhachtach chun measúnú a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair gáis nó i gcás ina bhfuil baint ag forálacha conarthacha ar leith lena chéile.

Soláthróidh soláthraithe seirbhísí críochfoirt GNL faisnéis don Choimisiún a bhaineann le seirbhísí arna gcur in áirithe ag custaiméirí ó Chónaidhm na Rúise nó ag custaiméirí faoi rialú gnóthas ó Chónaidhm na Rúise, lena n-áirítear seirbhísí ar conradh, na cainníochtaí atá i gceist agus fad an chonartha.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1938
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.