+Airteagal 22 Suirbhéanna geografacha ar chur in úsáid líonraí
---+Airteagal 22 1.
---+Airteagal 22 2.
---+Airteagal 22 3.
---+Airteagal 22 4.
---+Airteagal 22 5.
---+Airteagal 22 6.
---+Airteagal 22 7.
|
Airteagal 22 Suirbhéanna geografacha ar chur in úsáid líonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1.
|
Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile suirbhé geografach ar raon na líonraí cumarsáide leictreonaí a bhfuil an cumas acu leathanbhanda ('líonraí leathanbhanda') a sholáthar, faoin 21 Nollaig 2023 agus déanfar í a nuashonrú gach trí bliana ina dhiaidh sin ar a laghad.
Áiritheofar sa suirbhé geografach suirbhé ar raon reatha geografach na líonraí leathanbhanda laistigh dá gcríoch, mar is gá do chúraimí údaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile faoin Treoir seo agus do na suirbhéanna is gá chun rialacha maidir le cúnamh stáit a chur i bhfeidhm.
Is ceadmhach a áireamh ar an suirbhé geografach réamhaisnéis le haghaidh tréimhse a chinnfidh an t-údarás ábhartha maidir le raon na líonraí leathanbhanda, lena n-áirítear líonraí fíor-ardacmhainne laistigh dá gcríoch.
Beidh sa réamhaisnéis sin an fhaisnéis uile is ábhartha, lena n-áirítear faisnéis maidir le himscarthaí ata á mbeartú ag aon ghnóthas nó ag aon údarás poiblí, líonraí fíor-ardacmhainne nó uasghráduithe suntasacha ar líonraí leathanbhanda oidhreachta, nó síntí ar na líonraí sin go dtí luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad. Chuige sin, iarrfaidh na húdaráis rialála agus/nó údaráis inniúla eile ar ghnóthais agus ar údaráis phoiblí faisnéis den sórt sin a sholáthar a mhéid is in-fhála sin agus is féidir a chur ar fáil ar bheagán dua.
Déanfaidh an t-údarás rialála náisiúnta cinneadh, i dtaca leis na cúraimí a shanntar dó go sonrach faoin Treoir seo, maidir lena mhéid is iomchuí brath ar iomlán na faisnéise sin nó ar chuid di — arna bailiú mar chuid den réamhaisnéis sin.
I gcás nach é an t-údarás rialála náisiúnta a dhéanfaidh an suirbhé geografach, déanfar é i ndlúthchomhar leis an údarás sin a mhéid is ábhartha chun na cúraimí atá air a chomhlíonadh.
Beidh leibhéal iomchuí sonraí áitiúla san fhaisnéis a bhailítear sa suirbhé geografach agus beidh faisnéis leordhóthanach ann ar chaighdeán na seirbhísí agus na paraiméadair a bhaineann leo agus caithfear léi i gcomhréir le hAirteagal 20(3).
|
|
Airteagal 22 2.
|
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile limistéar a bhfuil teorannacha soiléire críche aige a ainmniú, i gcás ina gcinntear, de bhonn na faisnéise arna bailiú agus réamhaisnéis ar bith arna hullmhú de bhun mhír 1, nach ndearna aon ghnóthas nó aon údarás poiblí le linn na tréimhse réamhaisnéise ábhartha líonra fíor-ardacmhainne a imscaradh ná nach raibh sé beartaithe acu sin a dhéanamh, ná nach ndearna siad uasghrádú suntasach ar a líonra ná nár chuir siad síneadh suntasach air go dtí feidhmíocht luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad. Déanfaidh na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó údaráis inniúla eile na limistéir ainmnithe a fhoilsiú.
|
|
Airteagal 22 3.
|
Laistigh de limistéar ainmnithe, féadfaidh na húdaráis ábhartha cuireadh a thabhairt do ghnóthais agus d'údaráis phoiblí a rún a nochtadh maidir le líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh le linn thréimhse na réamhaisnéise ábhartha. I gcás inarb é is iardraí don chuireadh sin go ndearbhaíonn an gnóthas nó an t-údarás poiblí go bhfuil rún aige déanamh amhlaidh, féadfaidh an t-údarás ábhartha a iarraidh ar ghnóthais eile agus ar údaráis phoiblí eile a nochtadh má tá rún acu líonraí fíor-ardacmhainne a imscaradh nó uasghrádú suntasach a dhéanamh ar a líonra nó síneadh suntasach a chur leis go dtí feidhmíocht luas íoslódála 100 Mbps ar a laghad sa limistéar sin. Saineoidh an t-údarás ábhartha an fhaisnéis a bheidh le cur sna haighneachtaí sin, chun leibhéal sonraí a áirithiú atá ar a laghad cosúil leis an leibhéal sonraí arna chur san áireamh i réamhaisnéis ar bith de bhun mhír 1. Cuirfidh sé in iúl freisin d'aon ghnóthas nó d'aon údarás poiblí a léiríonn suim ann cibé acu a chumhdaítear nó nach gcumhdaítear an limistéar ainmnithe le líonra rochtana don chéad ghlúin eile, ar líonra é a sholáthraíonn luasanna íoslódála faoi 100 Mbps, nó an dócha go ndéanfar sin, ar bhonn na faisnéise arna bailiú de bhun mhír 1.
|
|
Airteagal 22 4.
|
Bearta a dhéanfar i gcomhréir le mír 3, is de réir nós imeachta éifeachtúil, oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, a fhágann nach n-eisiatar aon ghnóthas a priori, a dhéanfar iad.
|
|
Airteagal 22 5.
|
Maidir leis na húdaráis rialála náisiúnta agus údaráis inniúla eile, agus idir áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, a bhíonn freagrach as dáileadh cistí poiblí chun líonraí cumarsáide leictreonaí a imscaradh, as dearadh pleananna leathanbhanda náisiúnta, as sainiú oibleagáidí maidir le cumhdach a ghabhann leis na cearta úsáide do speictream raidió agus as fíorú inrochtaineachta seirbhísí a thagann faoi raon na hoibleagáide seirbhíse uilíche ina gcríocha, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh na húdaráis sin torthaí na suirbhéanna geografacha agus na limistéar ainmnithe arna ndéanamh de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 san áireamh.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis atá i mbun na suirbhéanna geografacha na torthaí sin a sholáthar faoi réir an leibhéal céanna rúndachta gnó agus a fhaigheann an t-údarás tionscnaimh a bheith á áirithiú ag an údarás is faighteoir, agus na páirtithe a thug an fhaisnéis a chur ar an eolas. Cuirfear na torthaí sin ar fáil do BEREC agus don Choimisiún arna iarraidh sin acu agus faoi na coinníollacha céanna.
|
|
Airteagal 22 6.
|
Más amhlaidh nach mbíonn an fhaisnéis ábhartha le fáil ar an margadh, déanfaidh na húdaráis inniúla faisnéis ó na suirbhéanna geografacha, nach infheidhme rúndacht gnó ina leith, a chur ar fáil go díreach i gcomhréir le Treoir 2003/98/CE, ionas gur féidir í a athúsáid. Ina theannta sin, i gcás nach mbíonn a leithéidí le fáil ar an margadh, cuirfidh siad ar fáil uirlisí faisnéise ionas gur féidir le húsáideoirí deiridh infhaighteacht nascachta a chinneadh i limistéir éagsúla, le dóthain mionsonraí a chuideoidh leo cinneadh a dhéanamh maidir le hoibreoir nó soláthraí seirbhíse.
|
|
Airteagal 22 7.
|
Faoin 21 Meitheamh 2020, chun cabhrú le feidhmiú suirbhéanna geografacha agus réamhaisnéisí ar bhealach comhleanúnach, déanfaidh BEREC, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta ábhartha, treoirlínte a eisiúint chun cabhrú leis na húdaráis rialála náisiúnta agus/nó le húdaráis inniúla eile a n-oibleagáidí faoin Airteagal seo a chur chun feidhme ar bhealach comhleanúnach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|