|
+Airteagal 50 2. |
Airteagal 50 2.Agus cinneadh á ghlacadh acu de bhun mhír 1 den Airteagal seo, beidh aird ag údaráis inniúla ar na nithe seo a leanas inter alia:
(a)
comhlíonadh na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3, in Airteagal 45(2) agus in Airteagal 48(2), agus comhlíonadh cuspóirí an bheartais phoiblí faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta;
(b)
cur chun feidhme beart cur chun feidhme teicniúil arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Chinneadh Uimh. 676/2002/CE;
(c)
athbhreithniú ar chur chun feidhme iomchuí na gcoinníollacha a ghabhann leis an gceart lena mbaineann;
(d)
an gá le hiomaíocht a chur chun cinn, nó le haon saobhadh iomaíochta a sheachaint, i gcomhréir le hAirteagal 52;
(e)
an gá le húsáid speictrim raidió a dhéanamh níos éifeachtúla i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nó forbairtí sa mhargadh;
(f)
an gá le cur isteach suntasach ar sheirbhísí a sheachaint; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|