+Airteagal 69 Oibleagáidí na trédhearcachta
---+Airteagal 69 1.
---+Airteagal 69 2.
---+Airteagal 69 3.
---+Airteagal 69 4.
|
Airteagal 69 Oibleagáidí na trédhearcachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 69 1.
|
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí do thrédhearcacht i ndáil le hidirnascacht nó le rochtain a fhorchur, arb oibleagáidí iad lena gceanglaítear ar ghnóthais faisnéis shonrach a chur ar fáil go poiblí, amhail faisnéis chuntasaíochta, praghsanna, sonraíochtaí teicniúla, tréithe líonra agus forbairtí a meastar a thiocfaidh orthu, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha le haghaidh soláthair agus úsáide, lena n-áirítear aon choinníollacha lena n-athrófaí an rochtain ar sheirbhísí agus ar fheidhmchláir nó a n-úsáid, go háirithe maidir le haistriú ó bhonneagar leagáide, i gcás ina gceadaíonn na Ballstáit na coinníollacha sin i gcomhréir le dlí an Aontais.
|
|
Airteagal 69 2.
|
Go háirithe i gcás ina bhfuil oibleagáidí neamh-idirdhealaithe ar ghnóthas, féadfaidh údaráis rialála náisiúnta ceanglas a chur ar an oibreoir sin tairiscint tagartha a fhoilsiú, a bheidh díchuachta go leordhóthanach chun a áirithiú nach bhfuil de cheangal ar ghnóthais íoc as saoráidí nach bhfuil gá leo don tseirbhís arna iarraidh. Cuirfear sa tariscint sin tuairisc ar na tairiscintí ábhartha roinnte ina gcomhpháirteanna de réir riachtanais an mhargaidh, agus na dtéarmaí agus na gcoinníollacha gaolmhara lena n-áirítear praghsanna. Féadfaidh an t-údarás rialála náisiúnta, inter alia, athruithe a fhorchur ar thairiscintí tagartha chun éifeacht a thabhairt d'oibleagáidí a fhorchuirfear faoin Treoir seo.
|
|
Airteagal 69 3.
|
Féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta an fhaisnéis bheacht atá le cur ar fáil, leibhéal an mhionsonraithe is gá agus an chaoi a bhfoilseofar í a shonrú.
|
|
Airteagal 69 4.
|
Faoin 21 Nollaig 2019, d'fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na n-oibleagáidí trédhearcachta, eiseoidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha agus déanfar iad a athbhreithniú uair ar bith is gá chun iad a chur in oiriúint d'fhorbairtí teicneolaíochta agus margaidh. Agus critéir íosta mar sin á gcur ar fáil, saothróidh BEREC na cuspóirí atá in Airteagal 3, agus tabharfaidh sé aird ar riachtanais thairbhithe na n-oibleagáidí rochtana agus úsáideoirí deiridh atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin, agus ar aon treoirlínte BEREC lena ndéantar éileamh trasnáisiúnta a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 66 agus ar aon chinneadh ón gCoimisiún lena mbaineann.
D'ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais faoi Airteagal 72 nó Airteagal 73 maidir le rochtain ar bhonneagar líonra mórdhíola, áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go bhfoilsítear tairiscint tagartha ag tabhairt lánaird ar threoirlínte BEREC maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha, áiritheoidh siad go sonrófar, nuair is ábhartha, na príomhtháscairí feidhmíochta, mar aon le leibhéil chomhfhreagracha na seirbhísí, agus déanfaidh siad faireachán géar orthu agus áiritheoidh siad go ndéanfar iad a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás inar gá, na pionóis ghaolmhara airgeadais a réamhchinneadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|