Faoin 21 Nollaig 2019, d'fhonn rannchuidiú le cur i bhfeidhm comhsheasmhach na n-oibleagáidí trédhearcachta, eiseoidh BEREC, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, treoirlínte maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha agus déanfar iad a athbhreithniú uair ar bith is gá chun iad a chur in oiriúint d'fhorbairtí teicneolaíochta agus margaidh. Agus critéir íosta mar sin á gcur ar fáil, saothróidh BEREC na cuspóirí atá in Airteagal 3, agus tabharfaidh sé aird ar riachtanais thairbhithe na n-oibleagáidí rochtana agus úsáideoirí deiridh atá gníomhach i níos mó ná Ballstát amháin, agus ar aon treoirlínte BEREC lena ndéantar éileamh trasnáisiúnta a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 66 agus ar aon chinneadh ón gCoimisiún lena mbaineann.
D'ainneoin mhír 3 den Airteagal seo, i gcás ina bhfuil oibleagáidí ar ghnóthais faoi Airteagal 72 nó Airteagal 73 maidir le rochtain ar bhonneagar líonra mórdhíola, áiritheoidh na húdaráis rialála náisiúnta go bhfoilsítear tairiscint tagartha ag tabhairt lánaird ar threoirlínte BEREC maidir leis na critéir íosta le haghaidh tairiscint tagartha, áiritheoidh siad go sonrófar, nuair is ábhartha, na príomhtháscairí feidhmíochta, mar aon le leibhéil chomhfhreagracha na seirbhísí, agus déanfaidh siad faireachán géar orthu agus áiritheoidh siad go ndéanfar iad a chomhlíonadh. Sa bhreis air sin, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta, i gcás inar gá, na pionóis ghaolmhara airgeadais a réamhchinneadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.