+Airteagal 73 Oibleagáidí rochtana ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus a n-úsáid
---+Airteagal 73 1.
---+Airteagal 73 2.
---+Airteagal 73 3.
|
Airteagal 73 Oibleagáidí rochtana ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus a n-úsáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 73 1.
|
Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, oibleagáidí a fhorchur ar ghnóthas chun go gcomhlíonfaí iarratais réasúnacha chun rochtain a fháil ar eilimintí sonracha líonra agus saoráidí gaolmhara agus úsáid a bhaint astu, i gcásanna ina measann na húdaráis rialála náisiúnta go gcuirfeadh diúltú rochtana nó rochtain a thugtar faoi théarmaí agus coinníollacha míréasúnta a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu bac ar mhargadh iomaíoch inbhuanaithe a theacht chun cinn ar an leibhéal miondíola agus nach mbeadh sé chun leasa an úsáideora deiridh.
Féadfaidh údaráis rialála náisiúnta a cheangal ar oibreoirí inter alia:
(a)
rochtain, agus cead úsáide a thabhairt don tríú páirtí ar eilimintí fisiciúla sonracha den líonra agus ar shaoráidí gaolmhara a bhaineann leo, mar is iomchuí, lena n-áirítear rochtain dhíchuachta ar an lúb logánta agus ar an bhfo-lúb logánta;
(b)
rochtain a thabhairt do thríú páirtithe ar eilimintí agus ar sheirbhísí sonracha gníomhacha nó fíorúla an líonra;
(c)
dul i mbun caibidlíochta de mheon macánta le gnóthais atá ag iarraidh rochtana;
(d)
gan rochtain ar shaoráidí a deonaíodh cheana a tharraingt siar;
(e)
seirbhísí sonracha a sholáthar ar bhonn mórdhíola lena n-athdhíol ag tríú páirtithe;
(f)
rochtain oscailte a thabhairt ar chomhéadain theicniúla, ar phrótacail nó ar theicneolaíochtaí tábhachtacha eile atá bunriachtanach d'idir-inoibritheacht seirbhísí nó seirbhísí líonraí fíorúla;
(g)
comhshuíomh nó foirmeacha eile de chomhroinnt saoráidí gaolmhara a sholáthar;
(h)
seirbhísí sonracha a sholáthar, a theastaíonn leis an idiroibritheacht a áirithiú idir seirbhísí inn ar inn agus lucht a n-úsáidte, nó fánaíocht ar líonraí móibíleacha;
(i)
chun go soláthrófaí rochtain ar chórais tacaíochta oibriúcháin nó ar chórais bogearraí chomhchosúla, is gá chun iomaíocht chothrom a áirithiú i soláthar seirbhísí;
(j)
chun líonraí nó saoráidí líonraí a idirnascadh;
(k)
chun rochtain ar sheirbhísí gaolmhara amhail céannacht, suíomh agus seirbhís láithreachta a sholáthar.
Féadfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta na ceanglais sin a chur faoi réir coinníollacha faoina gcuimseofar an chothroime, an réasúntacht agus an phrapúlacht.
|
|
Airteagal 73 2.
|
I gcás ina mbeidh na húdaráis rialála náisiúnta ag meas a iomchuí atá aon cheann de na sainoibleagáidí féideartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, go háirithe agus meas á dhéanamh acu, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ar cé acu a bhforchuirfear na hoibleagáidí sin agus ar an gcaoi a ndéanfar sin, déanfaidh siad anailís ar an méid seo — an leor bealaí eile rochtana ar ionchuir mhórdhíola ar an margadh mórdhíola céanna nó ar mhargadh gaolmhar chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a sainaithníodh agus leas an úsáideora deiridh á saothrú. Áireofar sa mheasúnú sin tairiscintí ar rochtain tráchtála, rochtain rialáilte de bhun Airteagal 61, nó rochtain rialáilte ar ann di cheana féin nó atá á beartú ar ionchuir eile mhórdhíola de bhun an Airteagail seo. Cuirfidh údaráis rialála náisiúnta na fachtóirí seo a leanas san áireamh go háirithe:
(a)
an inmharthanacht theicniúil agus eacnamaíoch saoráidí atá in iomaíocht le chéile a úsáid nó a shuiteáil, i bhfianaise an ráta ag a bhfuil an margadh ag forbairt, agus nádúr agus an cineál idirnascacht nó rochtain atá ann á gcur san áireamh, lena n-áirítear inmharthanacht táirgí rochtana réamhtheachtacha eile amhail rochtain ar dhuchtanna;
(b)
an éabhlóid teicneolaíochta ionchasach a dhéanfaidh difear do dhearadh agus do bhainistiú an líonra;
(c)
a riachtanaí atá sé an neodracht theicneolaíoch a áirithiú lena chur ar chumas na bpáirtithe a líonraí féin a dhearadh agus a bhainistiú;
(d)
an fhéidearthacht an rochtain atá tairgthe a sholáthar, i ndáil leis an toilleadh atá ar fáil;
(e)
an infheistíocht bhunaidh a rinne úinéir na saoráide, agus aon infheistíocht phoiblí a rinneadh agus na rioscaí a bhaineann leis an infheistíocht a dhéanamh go háirithe i dtaca le hinfheistíochtaí i líonraí fíor-ardacmhainne agus na leibhéil rioscaí a bhaineann leo á gcur san áireamh;
(f)
a riachtanaí atá sé an t-iomaíochas a choimirciú go fadtéarmach, go háirithe i dtaca le hiomaíochas bonneagarbhunaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de agus múnlaí nuálacha gnó a thacaíonn leis an iomaíochas inbhuanaithe, amhail iad siúd atá bunaithe ar an gcomhinfheistíocht i líonraí;
(g)
nuair is iomchuí, aon chearta maoine intleachtúla ábhartha;
(h)
soláthar seirbhísí uile-Eorpacha.
I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag údaráis rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 68, maidir le ceanglais a fhorchur de bhun Airteagal 72 nó de bhun an Airteagail seo, scrúdóidh sé ar chomhréireach an mhaise gan aon oibleagáidí eile a fhorchur ach iad siúd de chuid Airteagal 72 amháin chun an t-iomaíochas agus leas an úsáideora deiridh a chur chun cinn.
|
|
Airteagal 73 3.
|
Agus oibleagáidí á bhforchur acu ar ghnóthas maidir le rochtain a thabhairt i gcomhréir leis an Airteagal seo, féadfaidh na húdaráis rialála náisiúnta coinníollacha teicniúla nó oibríochtúla a leagan síos agus a fhorchur ar an soláthraí nó ar thairbhithe na rochtana sin, nuair is gá sin chun gnáthoibriú an líonra a áirithiú. Na hoibleagáidí chun caighdeáin nó sonraíochtaí teicniúla sonracha a leanúint, comhlíonfaidh siad na caighdeáin agus na sonraíochtaí a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 39.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 18.10.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32018L1972
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|